Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

43 toradh in 40 doiciméad

  1. #210142

    Seaneagrán an tSeabhaic féin lá sa leabharlann, sholáthraigh sé dom fráma tagartha a bhíos a lorg: freastal le hacmhainní teanga ar an lá gléigeal.

  2. #906958

    Féach an fócas ar phictiúir spóirt a bhíonn ar Tuairisc.ie agus na meáin eile: radharc gléigeal ar na himreoirí agus radharc doiléir ildaite an tslua sa chúlra.

  3. #1687315

    *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise?

  4. #1716141

    D’éirigh go gléigeal leis an bhfeachtas mar gur díoladh ní ba mhó gluaisteáin Holden san Astráil ná gluaisteáin d’aon mhonaróir eile ar feadh blianta fada.

  5. #1971886

    Crochann Mairéad an t-éadach thart ar ghuaillí Ghráinne, agus cuachann sise í féin ann, a gnáthéadaí clúdaithe ar fad leis an síoda gléigeal.

  6. #336220

    “Ní hé amháin go raibh muid ag obair in éineacht an samhradh gléigeal, grianmhar sin i Londain i 1980 ach bhíomar cairdiúil ina dhiaidh sin go dtí an lá ar bhásaigh Ingrid.” Beidh Henning-Jocelyn ag dul ar ais chuig a tír dhúchais an mhí seo chugainn agus go leor cuimhní cinn ag baint leis an turas di.

  7. #495869

    Siad plúr na laoch a thit faraor I mbriseadh cruaidh na Cásc’ Agus d’fhág siad sinn go cráite tinn Ag éagaoin fána mbás Is bhí súile an tsaoil a’ breathnú an ghnímh A rinne clanna Gael sa ghleo Na leoin a d’éag le solas gléigeal Na saoirse sa drúcht geal ceo.

  8. #724083

    Ach faoi mar adeir an seanfhocal, bíonn dhá thaobh ar chuile scéal, mar is féidir le duine breathnú ar thaobh amháin den scéal, áit a mbeadh chuile cheo chomh gléigeal leis an gcriostal, agus d’fhéadfhadh sé breathnú ar an dtaobh eile, mar a mbeadh chuile shórt chomh dubh dorcha le pic.

  9. #857286

    Chomh nocht le bunóc, scáil ina chraiceann gléigeal, a bhall fearga leathfholaithe fé uisce, a bhráithre sa Dúlra – na torbáin – ag lútáil fé ioscaidí an ghiordaí, a each taobh leis mar a bheadh cara, mar a bheadh compánach fiú, a heireaball ag scuabadh an tsobail de dhroim a maothán cruinne, a cosa deiridh scartha, a rumpa uiscefhuaraithe, a cuid fuail mar a bheadh fraschith ag titim as frasnéal.

  10. #880781

    San Earrach i mbliana a tháinig an cnuasach seo amach agus féadfar a fhiafraí: Cá rabhais, a Mháire , agus cá raibh teacht go dtí seo ar an srutháinín gléigeal filíochta atá chomh húr glioscarnúil leis an tobar is milse i lár phortach Chamuis?

  11. #1093113

    Mura bhfuil an fhaisnéis nó an todhchaí chomh gléigeal agus a bhí ceithre bliana ó shin, nó mura bhfuil an tnúthán céanna meisiasach ag gabháil le dara téarma an Uachtaráin Obama, is féidir gur fearr mar sin é.

  12. #1150062

    Clár uair an chloig ar fhad agus níl uainn ach ‘seat an airgid’ ag an deireadh mar a thaispeántar tigh gléigeal, pioctha, snasta le fallaí leagtha agus fuinneoga móra curtha isteach (tréith a tagraíodh go seanbhlastúil di ag an nóibhéine).

  13. #1255121

    ‘Idir tú féin agus an pabhsae gléigeal de bhráthair sinsearach i Londain againn tá mo phortsa seinnte sara raibh caoi agam ar rince.’ D’iompaigh sé ar fhear na gclog, ‘An mbeirse mar chléireach, a Lúidín, nuair cuirfear ord beannaithe orm?

  14. #1415936

    Is beag a cheap mé an uair sin go gcaithfinn bunáite mo shaoil i nGaeltacht Chonamara áit a raibh oidhreacht Raiftearaí beo ar bhéalaibh na ndaoine agus go mbeadh tuilleadh d’amhráin an fhile dhaill le cloisteáil go rialta agam san áit chéanna – leithéidí ‘Eanach Dhúin’, ‘Brídín Bhéasaigh’, ‘An Pósae Gléigeal’.

  15. #1991849

    Solas an lae agus gile an tsneachta lasmuigh a dhúisigh Máire…Chuir sí a ceann don fhuinneog agus chonaic sí an brat gléigeal suas go barr fíoraí agus síos go himeall an uisce.

    Gorta, Grá agus Gaisce: Léirmheas ar Fonn A Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin

  16. #1220390

    Arsa Uachtarán CORI ag an am (an tSr Ríonach Donlon) ina teachtaireacht sa leabhrán: Agus na sean-nósanna ag imeacht le sruth, iarraimid go humhal ar Dhia mór na Glóire cabhrú linn solas gléigeal an tSoiscéil a scaipeadh i ngach cúinne dorcha ár dtíre féin agus uaidh sin amach .

  17. #1628254

    Luaitear filí eile a bhí dall, is nach bhfaca ‘áilleacht na cruinne’: Déanann an file comhaimseartha ionsaí ar Raiftearaí, agus cuireann sé ina leith gur ag stealladh bréag a bhíodh sé ós rud é go ndearna sé cur síos ar rudaí nach bhfaca sé riamh: Tá gné na hidirthéacsúlachta le sonrú go han-láidir agus an file ag tabhairt chun cuimhne an cur síos a rinneadh ar Mháire Ní Eidhin, ‘an pósae gléigeal’ in amhrán cáiliúil Raiftearaí (Ó Coigligh 1987: 84).

  18. #1279365

    Bhí an sagart paróiste ar éirleach an Domhnach ina dhiaidh sin, agus bhí sé chun a mhallacht agus mallacht na hEaglaise a chur ar an mbaile tar éis an cipíneach a bhí ar an bpátrún agus d’éirigh bean as an bpobal a dúirt A shagairt na n-ae istigh Lagaigh de bhréithre Tá Cinn Aird Naofa Do thúrlaig Naomh ann Fionán gléigeal Ach má tá ann aoinne (nó má tá cúis ar aoinne) Gan creidreamh gan daonnacht Agair ar fhéin é Is ná cuir ar an mbaile go léir é “Dar mo phortús a bhean mhaith,” arsa an sagart, “go bhfuil an ceart agat”.

  19. #1539709

    Leagan de ‘Frainc Conaola’, amhrán grá fíorspéisiúil atá coitianta i gCois Fharraige, atá againn as Bailiúchán na Scol inniu Lá Vailintín Tráthnóinín deireanach Dé Luain is é a’ báisteach Casadh tigh Sheáin mé is shuigh mé síos Dhearc mé an ainnir ins sa gclúid taobh thall dhíom Ba deise gáire agus leagan súl Grua ba deirge ná an chaor chaorthainn Ba gile mín í ná an eala ar snámh Ach nuair a lean mé an seanchas nó cé dár díobh í Gur le Frainc Conghaolach an cailín bán Do réir mo thuairim bhí sí tógtha Agus fuair sí eolas ar leabhar is ar pheann Bhí máistir acab sa teach i gcónaí Agus neart den ór buí go fairsing ann Nach é an trua an spéirbhean bheith ar thamhnach sléibhe I leaba bheith gléasta le síoda bán Nuair a scairteann an ghrian ar a brollach gléigeal Go bhfaigheann na céadta fear bás le grá.