Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1400556

    Ag eascairt ó chur chuige mar seo, d’fhéadfaí ceacht staire faoi Éirí Amach na Cásca 1916 a chur i láthair an ranga trí Bhéarla, ach ina dhiaidh sin sna gníomhaíochtaí ranga a bheadh le comhlíonadh ag daltaí, go ndéanfaí grúpáil ar dhaltaí de réir a máthairtheanga (an Pholainnis sa sampla seo) agus lánchead acu a máthairtheanga a úsáid.

  2. #1445083

    Baineann na ceisteanna praiticiúla nár mhór a chur san áireamh le riarachán acadúil ar leibhéal institiúide (grúpáil agus sceidealú, clár ama, seomraí teagaisc, gnéithe riaracháin nach mbíonn smacht iomlán ag Ranna Gaeilge orthu de ghnáth); infrastruchtúr acadúil agus tacaíocht foghlama ag leibhéal na hinstitiúide (seirbhísí leabharlainne, seomraí staidéir, acmhainní ríomhaireachta, timpeallachtaí fíorúla foghlama); riarachán acadúil ar leibhéal Roinne (sainréimsí agus saintaithí na foirne agus an gaol a shamhlaíonn baill foirne iad féin idir a gcuid cúraimí teagaisc, a gcuid spéiseanna taighde agus a bpróifíl foilsitheoireachta); cúrsaí foilsitheoireachta i Léann na Gaeilge (leabhair a bheith i gcló; téacsleabhair oiriúnacha a bheith ar fáil don teagasc ollscoile).