#1338892
Ach fad agus atá an cheist seo uilig ina snaidhm in Éirinn, níl siad ina gcónaí i gceanncheathrú Marine Harvest in Bergen san Iorua agus tá a gcompás dírithe níos láidre acu ar Cheanada. Tá ceadúnais do 45 suíomh feilméarachta éisc ag an gcomhlacht, Northern Harvest Sea Farms i dTalamh an Éisc agus i New Brunswick agus tá 13 iarratas istigh acu ar cheadúnais bhreise. Seo é an comhlacht atá Marine Harvest a cheannach i gCeanada. Thosaigh Marine Harvest a gcuid gníomhaíochta i gCeanada anuraidh nuair a cheannaíodar acmhainní Gray Aqua Group. Tá chuile chosúlacht ar an scéal go gcuirfidh an beart is deireanaí bunáit láidir faoi ghnó Marine Harvest sa tír sin. Bhí láimhdeachas de bheagnach $400 milliún de chuid Cheanada ag Northern Harvest Sea Farms i mbliana – ag bordáil ar €340m.