#1894703
Achomharc déanta go dtí an Bord Pleanála
Tá achomharc déanta chuig an Bord Pleanála in éadan chead pleanála a tugadh chun ceithre bhloc trí stór ar airde, a thógáil don chomhlacht Pramerica i Leitir Ceanainn. Thug Rannóg Pleanála Chomhairle Condae Dhún na nGall cead pleanála do Extraspace Solutions Limited, thar cheann Pramerica, foirgneamh ceithre bhloc, trí stór ar airde a thógáil ar shuíomh 7.8 hectare ar pháirc ghnó an IDA i gCarnaMuga i Leitir Ceanainn. Is iad Harley Planning Teoranta, an Srath Bán agus Laurence Blake as, Leitir Ceanainn a rinne achomharc chuig an Bhord Pleanála.