#505748
Conas atá an duine ag dul i ngleic leis an saol iarbhír.
Conas atá an duine ag dul i ngleic leis an saol iarbhír.
Ar na scéalta is fearr faightear anailís ghéar ar imeachtaí an tsaoil iarbhír.
costas iarbhír/fíorchostas, tithíocht inacmhainne/tithíocht ar phraghas réasúnta) agus fágadh ann iad.
Idéal teoiriciúil a bhí i gconstráid an Ghaeil ach é bunaithe ar phobal iarbhír na Gaeltachta.
Níorbh ionann in aon chor an Ghaeltacht iarbhír agus Gaeltacht na litríochta.
Is oidhreacht í nár reitigh i gcónaí le hiompar ná le heolas iarbhír an phobail.
Bhí an ghairm thur i lár an bhóthair agus clochacheangailte leis an saol iarbhír.
Tá na hiar-anna sin curtha laistiar de anois, agus is scríbhneoir lánaimseartha iarbhír atá ann.
Bagairt í an litríocht, uaireanta, áfach, má ruaigeann sí an saol iarbhír.
Réabann an tsamhlaíocht firinní an tsaoil iarbhír as a chéile.
An bhfuil sé iarbhír?
Ach sin é an saol iarbhír agus sin í an fhíormhíorúilt, aghaidh a thabhairt ar iontas, áilleacht, deacracht agus dúshláin an tsaoil sin ó lá go lá.
Tugann sé aghaidh ar thábhacht an ghrinn agus cad is ciall leis an gcoincheap sa saol iarbhír Fódhlach.
Is luachmhar iad tuairiscí na dtimirí ar na ceantair Ghaeltachta mar léargas ar shaol iarbhír na gceantar sin, mar b’fhinnéithe iad na timirí ar fhíorstaid na teanga agus an phobail.
Sa chomhthéacs sin, b’fhéidir nach féidir brath i gcónaí ar thuairiscí na dtimirí mar chur síos ar staid iarbhír na gceantar Gaeltachta.
Is iad seo an dá thréith is suntasaí a thagann chun cinn ó shaothar Henry, ar sainíomhá é den Éirinn iarbhír ó thráth a dtarraingthe amach.
Chuaigh an t-idéalú seo i dtreise, chomh maith, le linn bhlianta na hAthbheochana cultúrtha nuair a buanaíodh constráid na gceantar Gaeltachta in intinn mhuintir na hÉireann mar shainshiombail ar Éirinn iarbhír.
Caomhnóir agus dúchasóir ab ea an tÍdeach go bunúsach, fear léinn nach ndeachaigh i ngleic le saol iarbhír na ndaoine a mbíodh sé ag trácht orthu.
Útóipe liteartha is ea constráid na Gaeltachta sa tréimhse roimh bhunú an tSaorstáit, ach go raibh an chonstráid sin, Útóipe na Gaeltachta, bunaithe ar phobal iarbhír.
Saol iarbhír na bochtaineachta a bhí á nochtadh ag an gConaireach anseo, léargas nach raibh a leithéid feicthe roimhe i nGaeilge ó pheann aon duine eile de scríbhneoirí na hAthbheochana.
Príosúnaithe i gcorp atá briste brúite, níl aon mhodh éalaithe ag Micheál, ná aon ionad foscaidh ón saol iarbhír.
D’fhonn an óige a mhealladh chun na teangan inniu, ní mór a hoiriúnacht don saol iarbhír a litriú amach dóibh.
Ní gá duit ach dul síos go dtí an Coireán agus féachaint amach ar Sceilg Mhichíl chun sampla de choilíniú iarbhír a fheiceáil.
Le tamall anuas, fág eacnamaíocht ghránna an tsaoil iarbhír as an áireamh, ba dhóigh leat go bhfuil an Spiorad Naomh céanna tar éis tuirlingt ar an Airgintín.
Nuair a léiríodh fuath ban i leith na gcarachtar mná seo, d’éirigh leo díoltas a bhaint amach, rud nach dtarlaíonn go minic ar an scáileán (ná, go deimhin, sa saol iarbhír).
Ar deireadh, tosaíonn Cuimín ag ól d’fhonn éalú ón saol iarbhír atá “imithe ó aithne” ina thimpeall.
Níl aon bhréagrómánsúlacht sna hamhráin seo, áfach, agus tugtar aghaidh iontu go leanúnach ar réalachas crua an tsaoil iarbhír.
Seanchas, aithriseoireacht, starógaíocht, críochantacht leis an saol iarbhír oileánda, míntíre nó bíobla, cruthú solais nua bhréige nó clapshoilsiú, sin cuid mhaith de mhodus operandi na filíochta seo faoin murúch.
Bhí córas ollscoile ar fáil a bhí faoi choimirce an rialtais, ach bhí cosc ar na Caitlicigh freastal uirthi iarbhír, agus, le bheith iomlán praiticiúil faoi, b’iad na Caitlicigh an pobal.
Ní fiú mapáil chruinn a lorg ón saol anuas ar an litríocht agus ní fiú a éileamh go mbeadh gach mionsonra liteartha ag teacht leis an saol iarbhír.
Sílim go gcaithfidh ár dteoiricí ó thaobh teangacha a bheith bunaithe ar úsáid iarbhír na teanga agus éagsúlacht teanga a bheith ina measc agus chan a mhalairt a bheith i gceist.
Ní hionann seo is a rá gur mian le Titley (ná le héinne eile) fáil réidh leis an eitic ar fad sa saol iarbhír.
Is é sin, ráineodh gur drochshaol ba ea an saol ábharga a chaith muintir Árann dar leis an eolaíocht shóisialta, agus gur saol dathannach solasmhar é, dar le na cártaí poist, ach ba shaol réadach iarbhír nádúrtha folláin é ó thaobh na ndaoine féin é.
“What I saw from outside the window kept me from sleeping…” Tá compánach nua aici (Hugh O’Conor) a labhraíonn léi trí mhicreafón, agus de réir a chéile feictear frithleagan scanrúil den saol iarbhír agus stát iomlán ansmachtach i réim.
Ach ag deireadh an lae ainneoin gach aon rud, ainneoin an náire agus ainneoin go mothaíonn sé aisteach go fóill, is dócha go mbraithfidh sciar áirithe de dhaoine air le grá aimsiú sa saol iarbhír.
I saothar ealaíontóirí den tsórt seo, agus iad ag dul nó dulta in aois, aimsímid aibíocht ar leith mar aon le hatmaisféar nua-aimsithe síochána agus spiorad réitigh,scaití i bhfoirm claochlú míorúilteach ar an saol iarbhír faoi mar a fhaightear, mar shampla, i ndrámaí deireanacha Shakespeare, The tempest agus The winter’s tale.
Is ró-eol go mbaineann práinn eiticiúil leis an ngaol achrannach sin i saol iarbhír na freacnaire inar minic an foréigean ag feidhmiú mar chomhla sceite teannais nuair a dheighleann an éagsúlacht eitneach an tsochaí ina codanna scartha.
Cíorann Mary Cosgrove léargas Henry ar staid an oileáin sna 1910í agus áitíonn, de réir na bhfíricí a nochtann sí, gur mhó a bhain cuid de na tréithe sin thuas le samhlaíocht an ealaíontóra ná le saol iarbhír na háite.
Tagraíonn beathaisnéiseoir an Athar Peadar do litir inar scríobh sé an méid seo faoin íomhá a chruthaíodh na húdair sin a spreag é chun Séadna a scríobh: Is é Séadna príomhcharachtar úrscéal an Athar Peadar, carachtar inar lonnaigh sé tréithe an fhíor-Ghaeil mar léiriú don lucht léitheoireachta agus éisteachta ar ghnáthcharachtar iarbhír na hÉireann.
Níorbh ábhar suime dóibh saol iarbhír na ndaoine féin – cé gur chás leis an Ídeach na daoine aonaracha a raibh sé ina gcuideachta agus é i mbun bailithe – a fhaid agus a lean an pobal orthu leis an nGaeilge mar mheán a gcuid cumarsáide.
Ach má léadh gearrscéalta an Phiarsaigh mar léargas ar an saol iarbhír thiar, agus is cinnte gur léadh, ansin ní mór na téamaí sin aige a chur san áireamh i gcruthú chonstráid na Gaeltachta tráth a scríofa.
Is léir ó roinnt de na tagairtí a tugadh go dtí seo go mbíodh blas na samhlaíochta agus na cruthaitheachta go minic le sonrú ar an gcur síos a thugtaí ar na ceantair Ghaeltachta agus ar phobal na Gaeltachta agus gur mhó a bhain an íomhá sin le hÚtóipe ná le saol iarbhír na gceantar cúng.
Ní rófhada atá an tuiscint seo ar an saol iarbhír agus Útóipe (agus an tionchar a bhíonn ag an dá ní sin ar a chéile) agus trácht Leerssen ar ‘centre’ agus ‘periphery’ mar a pléadh i gCaibidil 1.
Sainíonn Ruth Levitas brionglóideacht den chineál sin ar an mbealach seo: Más é samhlú na haislinge an chéad chéim i gcruthú agus i mbreith na haislinge, ba ‘social dreaming’ Sargent agus ‘vision to be pursued’ Levitas a bhí i scríbhinní lucht na hAthbheochana, ach go raibh bunús ag an mbrionglóideacht chéanna i bpobal iarbhír na Gaeltachta.
Is féidir a áiteamh, de réir na hargóna seo, nárbh é saol ná pobal na Gaeltachta per se a bhíodh á nochtadh ag an gConaireach ina shaothar ach chomh beag le saol iarbhír na cathrach in Éirinn nó i Sasana.
Is dearcadh criticiúil é seo a aithníonn an cros–síolrú is an tsinscréiteacht chultúrtha mar phríomhchomharthaí sóirt na sochaí iarchoilíní: ‘Syncretist critics argue that even a novel in Bengali or Gikuyu is inevitably a cross–cultural hybrid, and that decolonizing projects must recognise this.’ De réir an leagain amach seo, in ionad a bheith ag dréim leis an gcultúr réamhchoilíneach a athghabháil, níor mhór athshealbhú na teanga a shuíomh taobh istigh de thionscnamh a mbeadh saothrú cruthaitheach na teanga ina suíomh iarbhír ina ghné lárnach de.
Má tá cuid den ábhar agus den reacaireacht sa chéad chnuasach sin roinnt clasaiceach agus fiú traidisiúnaíoch ina láimhseáil ar genre seanbhunaithe an ghearrscéil, ceistíonn na scéalta ina ríchnuasach, An Fear a Phléasc (1997), cuid mhaith de na noirm agus de na gnáth-thuiscintí a mairimid faoina scáth ó lá go lá sa domhan iarbhír.
Ach, ar ndóigh, is ann do dhomhan eile freisin i scéal Jeaic Sheáin Johnny, íomhá scátháin den domhan thuas, domhan gruama, lionndubhach ina scallann solas géar gáifeach an tsaoil iarbhír chomh minic lena mhalairt ar an bpríomhcharachtar bocht.
Agus ní hamháin go suitear Gaillimh ina steillbheatha iarbhír i Ré an Charbaid ach ó am go chéile leatar na teorannacha ama agus siúd siar muid chuig Gaillimh na méanaoiseanna agus feicimid stair na cathrach trí pheirspictíocht na hailtireachta ar bhealach nach bhfacthas a leithéid á triáil i litríocht na Gaeilge ó scríobh Eoghan Ó Tuairisc Dé Luain sa bhliain 1966.
Murab ionann is an scannánaíocht, áfach, ní féidir le neach sláintiúil comhfhiosach ar bith ‘filleadh abhaile arís’ ar an am atá caite sa domhan iarbhír mar claochlaíonn rotha móra an ama, na staire agus ar deireadh, an bháis, claochlaíonn siad an uile dhuine, an uile áit agus an uile rud sa saol ábhartha.