Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7,659 toradh in 4,809 doiciméad

  1. #895122

    I ndiaidh a cuid cainte, thit luach an phuint 1% inniu, agus tá Sterling anois ag an luach is ísle le dhá mhí in aghaidh an Dollar agus an Euro.  Thug sí le fios san agallamh go mb'fhéidir go bhfágfadh an Bhreatain an margadh aonair agus thuig lucht trádála ón méid seo go mbeadh briseadh éigin sa socrú trádála leis an Aontas i ndiaidh imeacht na Breataine.  Dúirt sí nuair a fhágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach, gur imeacht iomlán a bheidh ann agus nach mbeidh aon iarsmaí ballraíochta fágtha ina dhiaidh.  Dúirt sí inniu nach bhfuil aon ghlacadh aici do na téarmaí 'Breat-imeacht chrua' nó 'Breat-imeacht bhog' agus nach mbeadh sé cruinn gach a ndúirt sí inné a léamh i gcomhthéacs gur 'Breat-imeacht chrua' amháin a d'fhéadfadh bheith ina thoradh ar na comh-chainteanna.