Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

53 toradh in 42 doiciméad

  1. #298710

    Má mheabhraíonn imlíne an Aontais Eoráisigh nua seo imlíne an Iar-Aontais Shoivéidigh duit, ní tú an t-aon duine.

  2. #976753

    Imlíne na mbothán sin ina gcnámharlaigh.

    Dachau – Alan Titley

  3. #1688761

    Bhí imlíne an chnoic ar chúl an tí le feiceáil aici faoi sholas na gealaí.

  4. #1658936

    Níl imlíne Rarotonga ach 20 míle (nó 32 ciliméadar) ar fhad agus ní bheidh tú ag fanacht rófhada leis an mbus mar sin.

  5. #1785676

    Tá staighre bíse déanta acu i lár crainn amháin, rud a léiríonn chomh leathan is atá imlíne na gcrann seo.

  6. #1858282

    Ach cé go bhfuil clú agus cáil uirthi féin agus ar a cuid gaiscíochta, ní fhéachtar uirthi go minic ach mar chineál ‘imlíne’ de dhuine - carachtar, nach-mór-miotasach, aontoiseach.

  7. #1987346

    Anuas air sin, feiceann an file scáil na mná scríofa ar an talamh agus ar imlíne na spéire.

    ‘Is tú an uile bhean’: An Inspioráid, an Bhé agus an Teanga i saothar Choilm Bhreathnaigh

  8. #212809

    D’oibreoinn féin isteach ón bhfarraige, imlíne deich míle mar theorainn sheachtrach...bheinn ag díriú ar thrí mhíle go háirithe...aon rud ón bhfarraige go dtí trí mhíle ach gan an seacht míle eile a chur as an áireamh...d’fhéadfaí zónáil a dhéanamh air...dearg, buí, glas...rud eile de, níor thóg sé i bhfad an beart ar fad a chur i gcrích...ní raibh rian d’aon bhéile mór sa ghoile, seans gur ith sí bricfeasta éigin ón gcuma a bhí ar an ngrán, ach is cinnte go raibh sí marbh an tráthnóna dár gcionn gan faic a ithe idir an dá linn.

  9. #1031724

    Ba chóir do gach iarrthóir litir mhínithe a thugann cuntas ar na fáthanna ar chóir dóibh freastal ar an chúrsa; CV; achoimre aon abairte ar an scéal; paragraph a thugann imlíne an scéil; sonraí na bpríomhcharachtar agus script d’aon radharc amháin a chur ar fáil.

    Ganntanas scríbhneoirí teilifíse sa Tuaisceart – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  10. #1049583

    D’ardaigh sé cás an Whispering Gallery i gcruinneachán Theampall Phóil i Londain, a raibh trastomhas 145 troigh aige agus leath-imlíne 235 troigh: ‘one can hear distinctly every word of another speaking [on the other side of the gallery] in the hushed tone used in the confessional’.

  11. #1388615

    Cuireann sé i gcuimhne dom go láidir imlíne na seanghortanna a fheictear go dtí an lá atá inniu ann ar bharr na gcnoc in Éirinn, áit a d'fhástaí prátaí díreach roimh an Ghorta Mhór.

  12. #1755721

    Mar gheall ar chomh tapa is atá an rothar mar mhodh taistil cathrach, thug an chathair suntas dó le tamall anois, agus ó 2004 amach, is féidir rothaíocht timpeall imlíne oileán Manhattan (32 mhíle ar fhad) ar raon rothar darb ainm an Manhattan Greenway, gan ach cúig mhíle nó mar sin a chaitheamh ar shráideanna.

  13. #856861

    Ní bhíonn aige ach eochair amháin a bhíonn á síorthriail aige ar iliomad doirse fileata agus mura n-éiríonn leis an eochair chamtha sin do dhoras a oscailt tá tú daortha, tá tú i do thost: Ní baol do bhruth na filíochta seo Uí Chearbhaill i bhfianaise an údaráis agus na tíriúlachta araon sa léargas a sholáthraíonn dánta mar ‘Imlíne an Dúchais’, a breacadh i mí Bealtaine 1984.

  14. #1040965

    Uirlis í an aoir a chleacht filí na tíre riamh anall agus a bhfuil an bráthair deas uirthi: D’fhéadfaí a dhán ‘Imlíne an Dúchais’ a scríobhadh i 1984 a lua le glúin an tíogair inniu agus leis an dteiripe siopadóireachta atá ag tógaint áit an chreidimh thraidisiúnta.