Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4,483 toradh in 2,720 doiciméad

  1. #977785

    "Agus má dhéantar ionsaí ortsa déan ionsaí ar ais ar dhuine eile ar fad.

    Anuas den sliabh – Alan Titley

  2. #1509469

    Ní hamháin gur ionann ionsaí ar shiopa leabhar amháin agus ionsaí ar gach aon siopa leabhar, ach is ionann ionsaí ar shiopa leabhar agus ionsaí ar chuile scríbhneoir agus ar chuile léitheoir.

  3. #259948

    Sa tSiria, maraíodh duine déag in ionsaí buamála i gCúige Idlib in iarthuaisceart na tíre.

  4. #260037

    Fórsaí armtha na Siria ag leanacht lena n-ionsaí buamála ar Chathair Homs.

  5. #261220

    Maraíodh beirt shaighdiúirí cabhlaigh de chuid Mheiriceá in ionsaí ar bhunáit airm idirnáisiúnta san Afganastáin.

  6. #261226

    Maraíodh ceathrar saighdiúirí de chuid Mheiriceá in ionsaí i ndeisceart na hAfganastáine.

  7. #261291

    Ceaptar go raibh an t-ionsaí dírithe ar stáisiúin na bpoilíní sa cheantar.

  8. #262839

    Gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar fionraí ar fhear 78 bliain d'aois faoi ionsaí gnéis a dhéanamh ar bhuachaill dhá bhliain d'aois ag ionad feighlí leanaí i gCo Luimneach trí bliana ó shin.  Dúradh go ndearna James Kett, as an bhFaiche, Tobar Phádraig, Co Luimnigh, ionsaí gnéis ar an mbuachaill i seomra folctha an ionaid i mí Dheireadh Fómhair 2011.  Dúradh i gCúirt Chuarda Luimnigh gur tharla an t-ionsaí nuair a bhí James Kett ag tabhairt aire don bhuachaill agus do leanaí eile, agus feighlí leanaí an ionaid ag piocadh suas páiste eile.

  9. #265496

    Tá an t-ionsaí cáinte ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan.