#403606
Tá sé i gceist freisin soiléiriú a dhéanamh ar shuíomh E-Tenders, an suíomh ar ar fógraíodh an tairiscint, faoin gcuid de na cáipéisí ina dtagraítear don bhreosla ‘jet kerosene’.
Tá sé i gceist freisin soiléiriú a dhéanamh ar shuíomh E-Tenders, an suíomh ar ar fógraíodh an tairiscint, faoin gcuid de na cáipéisí ina dtagraítear don bhreosla ‘jet kerosene’.
Bhí sé ráite go bhféadfadh an tagairt do ‘jet kerosene’ buntáiste a thabhairt do chineál amháin aerárthaigh seachas ceann eile.
Tháinig laghdú de bhreis agus €300 ar luach míle líotar kerosene ón Nollaig fiú, a dúirt Éamonn Mac Ruairí.
Dúirt ionadaithe na Roinne inné gur ‘breosla eitleoireachta’ ba cheart a bheith luaite in áit ‘jet kerosene’ agus go ndéanfar an méid sin a ‘shoiléiriú’ ar an gcáipéis a luaithe agus is féidir.