Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

7 dtoradh in 6 dhoiciméad

  1. #728490

    Baintear feidhm as buicéid d’fhonn muca a bheathú, ar ndóigh, ach dealraíonn sé anois go bhfuil an buicéad ina lárchuid de “Eispéireas” sofaisticiúil na pictiúrlainne comhaimseartha.

  2. #1711856

    Is é sin le rá, tá borradh tagtha faoi na comhlachtaí atá ag úsáid blaganna mar lárchuid dá stráitéis ghnó.

  3. #284275

    Dúirt sé chomh maith gur den riachtanas é go bhfanfadh an Ghaeilge ina lárchuid “de chultúr na hÉireann” sa lá inniu, agus go mbeadh sí “ábhartha” i gcónaí i dtreo is go bhfaighimis tuiscint cheart ar gach rud fiúntach a bhaineann lenár stair.

  4. #293734

    Is lárchuid de na ceachtanna iad na taifid fuaime, áit a gcloistear abairtí á rá os ard, ach, ar chúis éigin, bheartaigh Duolingo gan cainteoirí dúchais nó cainteoirí ar ardchaighdeán a úsáid le haghaidh an chuid seo dá dtáirge agus is laige an cúrsa dá bharr.