#1990341
B'fhiú taighde a dhéanamh, mar shampla, ar an úsáid a bhaineann Ó Scolaí as teidil oineacha ('a phopa, a Chonaill', mar shampla, ar lch 50), as leaganacha ócáidiúla foirmiúla den teanga ('mochean do theacht', mar shampla, ar lch 127 nó '…óir is mochóir an laoch atá ceaptha teacht inár ndáil' ar lch 134), as an bhfoirm threise (feic 'tarsa linne', mar shampla, ar lch 43), as an gcopail (an t-athrá a dhéantar ar 'Nuair ba…', mar shampla, ar lch 43) agus as teanga fhoirmleach an traidisiúin bhéil - teanga a úsáidtear, uaireanta, chun tús agus deireadh a chur le míreanna áirithe ('Ar an gcuma sin a thit Nadchrandail le Cú Chulainn', mar shampla, ar lch 89) nó chun tagairt a dhéanamh arís agus arís do rud ar leith ('go ndearna mionbhruscar is sligreach díobh' mar shampla, ar lch 47, lch 33 agus araile).