Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

368 toradh in 237 doiciméad

  1. #420991

    Tá Coiste Náisiúnta Neamhspleách tar éis cúraimí Leader i gConamara agus ar oileáin na Gaillimhe a bhronnadh ar Fhóram Chonamara i Leitir Fraic.  Socrú é seo a bhain cor as an gcóras mar gur tuigeadh go raibh polasaí Stáit ann go dtiocfadh Leader agus scéimeanna sóisialta eile faoi chúram na gCoistí Forbartha Pobail ar fud na hÉireann.  Tá na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla seo ag feidhmiú faoi scáth na gComhairlí Contae.  Ach, níor chuir an polasaí Stáit sin bac ar eagraíochtaí eile iarraidh a thabhairt faoin na comórtais a bhain leis an gcóras Leader.

  2. #420993

    Bhí go leor míshuaimhnis faoin bpolasaí seo i gceantair tuaithe ar an mbonn go raibh, a dúradh, Leader á bhaint den phobal agus á chur faoi smacht na gComhairlí Contae.  I gConamara, mar shampla, bhí caint ann go bhféadfadh go leor den bhéim a bheith ar oirthear na Gaillimhe sa gclár Leader dá dtiocfadh sé faoi scáth Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Ba é an réasúnaíocht a bhí leis an áitiú sin ná go bhfuil tromlach mór Chomhairleoirí na Comhairlea s an Eachréidh.  Ba ag an tráth sin a chuaigh na heagraíochtaí a bhí ag riaradh scéim Leader i gConamara roimhe seo ar chosáin éagsúla.

  3. #420995

    Bhí Fóram Chonamara ag dul in aghaidh srutha sa gcás seo agus shocraigh Comhar na nOileán, a bhí i bhfeighil scéim Leader i nGaeltacht Chonamara agus ar na hoileáin, taobhú leis an iarratas a rinne an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil i gComhairle Chontae na Gaillimhe ar riaradh Leader ar fud an chontae.  Tá a bpríomhoifigí siúd lonnaithe ar Inis Oírr agus roinnt daoine fostaithe acu.  Bhíodar i gceannas ar fheidhmiú Leader ar oileáin na hÉireann chomh maith le Gaeltacht Chonamara roimhe seo.  Chuaigh an eagraíocht Galway Rural Development, a bhíodh ag riaradh Leader in oirthear na Gaillimhe, isteach leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil sa gComhairle Contae freisin.

  4. #1758711

    An Leader Cup (*Limerick Leader*) an comórtas a bhí ann ag an am sin ag na scoileanna agus shroich foireann Mhíchíl an cluiche leathcheannais.

  5. #1786803

    Do chuir an tEaspag Ó Luasa an tAthair Liam Leader síos chun dul i mbun scoile.

  6. #1907005

    Cláir Leader Tá na páirtnéireachtaí atá ag riaradh an chláir nua Leader i dtuaisceart agus i ndeisceart Chontae Chiarraí go luath, ag reachtáil sraith cruinnithe poiblí ar fuaid an chontae  sna  seachtainí seo teacht  chun eolas agus comhairle a chur ar dhreamanna eagsúla a bheadh  i dteideal  tairfe a bhaint as an gclár nua seo. Deich mhilliún euró is sea is fiú an clár nua Leader do chontae Chiarraí an babhta seo, sin laghdú 60% ar an  méid ab fhiú an clar leader deireannach don gcontae. Tosnófar na cruinnithe poiblí faoin gclár an tseachtain seo chughainn,i Neidín ar an Máirt agus  i gCathair Saidhbhín ar an gCeadaoin. Tá cruinniú poiblí  faoi chlár nua  Leader socraithe  in Ostán na Sceilge sa Daingean ar  an aonú lá fichead don mí seo.

  7. #1269835

    Beidh an t-athbhreithniú lártéarma ar chlár Leader 2014-2020 ag tosú faoi cheann cúpla mí agus leath bealaigh sroichte i dtréimhse an chláir tacaíochta seo.  Tugann Leader – agus cuid mhór den airgead ag teacht as cistí na hEorpa – cúnamh do ghrúpaí pobail agus do lucht gnó áitiúil.  D’fhéadfadh grúpa pobail 80% de chostas tionscnaimh a fháil agus d’fhéadfadh gnó nó seirbhís phríobháideach 50% den chostas a fháil.  Ach cé go bhfuil leath bealaigh, geall leis, sroichte ag an tréimhse Leader seo, is beag pingin ar bith atá tugtha amach ar fud na tíre.  Áirítear nach bhfuil ach €1.8 milliún ceadaithe agus tugtha amach fós as ciste €220m.  Cé go bhfuil dhá leath déanta den chiste seachas mar a bhí sé sa tréimhse cúig bhliana roimhe sin, ba mhaith ann an chuid sin féin ag riar mór coistí, grúpaí agus lucht gnó a bheadh ag obair ar scála teoranta ar fud na tuaithe.

  8. #1269837

    Tá 16 céim uilig le láimhsiú i gcás ceadú deontais Leader.  Mar shampla, bíonn ar an dream atá ag láimhsiú na scéime i réigiún éigin ar fud na tíre na hiarratais a chur chuig an Roinn sa gcaoi agus go ndéantar scrúdú ar chuile bhoiscín ar an bhfoirm arís.  Bíonn an scrúdú seo déanta go háitiúil cheana féin.  Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil ansin ach tús na hoibre – foirmeacha iarratais.  Leanann an córas seiceála seo i mBaile Átha Cliath ar aghaidh fiú agus an bhunobair déanta.  Measann dreamanna atá ag plé leis an gcóras go bhfuil a thrí oiread rialacha agus céimeanna ag baint leis an gclár seo Leader (2014-2020) agus a bhain leis an gclár Leader roimhe sin.

  9. #1269844

    Beidh an t-athbhreithniú lártéarma ar chlár Leader 2014-2020 ag tosú faoi cheann cúpla mí agus leath bealaigh sroichte i dtréimhse an chláir tacaíochta seo.  Tugann Leader – agus cuid mhór den airgead ag teacht as cistí na hEorpa – cúnamh do ghrúpaí pobail agus do lucht gnó áitiúil.  D’fhéadfadh grúpa pobail 80% de chostas tionscnaimh a fháil agus d’fhéadfadh gnó nó seirbhís phríobháideach 50% den chostas a fháil.  Ach cé go bhfuil leath bealaigh, geall leis, sroichte ag an tréimhse Leader seo, is beag pingin ar bith atá tugtha amach ar fud na tíre.  Áirítear nach bhfuil ach €1.8 milliún ceadaithe agus tugtha amach fós as ciste €220m.  Cé go bhfuil dhá leath déanta den chiste seachas mar a bhí sé sa tréimhse cúig bhliana roimhe sin, ba mhaith ann an chuid sin féin ag riar mór coistí, grúpaí agus lucht gnó a bheadh ag obair ar scála teoranta ar fud na tuaithe.

  10. #1890653

    Clár LEADER Meastar nach mbeidh airgead ar bith de chuid an chláir úir Leader á dháileadh ar choistí i gContae Dhún na nGall le linn na bliana seo mar nach bhfuil sé socraithe go fóill cén eagraíocht a bheas ag riaradh Leader san chontae, a dúirt Caoimhín Mac Aodha, Príomhfheidhmeannach Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall.

  11. #1905058

    Riaradh LEADER i gCo.na Gaillimhe Tá sé deimhnithe ag an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta go gcuirfear an grúpa a bheas i mbun riaradh an chláir LEADER i gCo. na Gaillimhe ar an eolas go luath faoi cé a bheas ag plé leis an obair sin.  Dúirt an Roinn go ndearna coiste neamhspleách a bheas ag piocadh an ghrúpa le LEADER a riaradh, athbhreithniú ar an 2 straitéis as Gaillimh a bhí os a gcomhair an tseachtain seo caite.

  12. #420992

    Bhí caint ann go forleathan freisin go mbeadh chuile chontae ina aonad amháin Leader sa gcóras nua atá tagtha isteach faoi anáil an chláir ‘Putting People First’ a d’fhógair an Roinn Comhshaoil le linn tréimhse an Rialtais a tháinig i gcumhacht tar éis Olltoghchán 2011.  Ba faoi cheannas na Roinne Comhshaoil a bhí Leader san am sin.

  13. #485698

    Since it has no intention of sharing its profits with the people or of letting them enjoy the rewards paid by the major foreign companies, it discovers the need for a popular leader whose dual role will be to stabilize the regime and perpetuate the domination of the bourgeoisie… the leader represents the moral force behind which the gaunt and destitute bourgeoisie of the young nation decides to grow rich.” Ar ndóigh, tá na mílte mílte duine san Afraic Theas nach bhfuil sásta leis an staid reatha seo.

  14. #892137

    Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Micheal Collins go raibh beag is fiú déanta ag an Aire Humpreys den chomhchoiste.  Dúirt sé go raibh muintir Chorcaí ag iarraidh freagraí faoin méid atá i ndán do Chomhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí agus don chlár Leader.  Dúirt Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go raibh Comhar na nOileán tar éis beirt fhostaithe a chur ar fhógra cosanta mar go raibh éiginnteacht ag baint leis an gclár Leader, clár a bhídís á riar.

  15. #1072913

    Is in The Leader a fhaigheann muid, dar le Mac Donagh (States of Mind: Two Centuries of Anglo-Irish Conflict, 1780-1980, 115) ‘the clearest identification of Gaelicism with Catholicism’ a bhí le fáil in aon pháipéar Éireannach go dtí sin, agus cé nár foilsíodh mórán Gaeilge ar leathanaigh an Leader, bhí an-tábhacht leis an bpáipéar mar gur léiríodh ann fealsúnacht Irish-Ireland an Mhóránaigh, fealsúnacht a raibh tionchar aici ar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge, ar an ngluaiseacht liteartha Angla­Éireannach — in ainneoin thuairim an Mhóránaigh i leith na gluaiseachta sin — agus ar an ngluaiseacht shóisialach.

  16. #1269836

    Ba faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a bhí Leader i dtréimhse an Rialtais seo, go dtí anois.  Chuaigh ionadaithe as 23 grúpa atá ag láimhsiú Leader chomh fada leis an Aire sa Roinn sin, Heather Humphreys ar an 17 Bealtaine.  Bhíodar sáraithe.  Bhí, agus tá, na dreamanna seo i ngreim ag míle beag riail atá ag stopadh na hoibre ó dhul ar aghaidh.  De réir scéil, thuig Heather Humphreys na deacrachtaí atá ag plúchadh na scéime.

  17. #1269845

    Ba faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a bhí Leader i dtréimhse an Rialtais seo, go dtí anois.  Chuaigh ionadaithe as 23 grúpa atá ag láimhsiú Leader chomh fada leis an Aire sa Roinn sin, Heather Humphreys ar an 17 Bealtaine.  Bhíodar sáraithe.  Bhí, agus tá, na dreamanna seo i ngreim ag míle beag riail atá ag stopadh na hoibre ó dhul ar aghaidh.  De réir scéil, thuig Heather Humphreys na deacrachtaí atá ag plúchadh na scéime.

  18. #1269847

    Leanann an córas seiceála seo i mBaile Átha Cliath ar aghaidh fiú agus an bhunobair déanta.  Measann dreamanna atá ag plé leis an gcóras go bhfuil a thrí oiread rialacha agus céimeanna ag baint leis an gclár seo Leader (2014-2020) agus a bhain leis an gclár Leader roimhe sin.

  19. #1325940

    Ba bheag ciall, mar shampla, a bhí le conclúid an eagarfhocail ‘No Need For All-Irish Television Station’ a foilsíodh ar an Longford Leader: Cinnte, is mó sochtheangeolaí a bhréagnódh ‘loighic’ an Leader.

  20. #1550027

    Mar bharr ar an donas, maisíodh an t-alt le grianghraf de Nigel Farage agus Mary Lou McDonald agus líne faoi: ‘The then Sinn Féin Deputy Leader Mary Lou McDonald and the then UKIP leader Nigel Farage on the same side of the 2009 Lisbon Treaty debate.’ Agus alt McBride i gcló, d’eisigh Sinn Féin ráiteas an lá céanna ag deimhniú go mbeadh a feisire parlaiminte reatha san Aontas Eorpach, Martina Anderson, ag seasamh arís sna toghcháin Eorpacha sa Tuaisceart– má bhíonn siad ann.

  21. #1809235

    Tá cuid de na hIriseoirí as obair go ceann 6 seachtaíní i nuachtáin ar nós,  An Clare Champion, Longfort Leader, Leinster Express agus Donegal Democrat.  Tá an Limerick Leader ar leis an grúpa Iconic é, ar cheann de na nuachtáin is measa a buaileadh agus 8 bpost caillte ansin inné.

  22. #1894794

    Ní bheidh an clár nua LEADER tugtha isteach go dtí mí Aibreán na bliana seo chugainn ar a thúisce, agus dúirt an Comhairleoir Breathnach go gciallaíonn sé sin go mbeidh bliain iomlán airgid ón gclár caillte ag Conamara.  Mar bharr ar an mí-ádh, a dúirt sé, tá laghdú mór curtha ar an gciste airgid a bheidh ar fáil faoin gclár nua LEADER.