Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

17 toradh in 6 dhoiciméad

  1. #988924

    Ní ghoidfí breac ná scadán ná láimhíneach ná leathóg bhallach ná butaimóg bhuntónach féin go ceann cúpla bliain ar a laghad, mise á rá leat.

    Mairnéalaigh na hÉireann ar an trá fholamh – Alan Titley

  2. #1219671

    ‘Caithfidh sé nár sheas Darwin riamh ar leathóg, nó dá seasadh, thuigfeadh sé go raibh na teoiricí s’aige mar gheall ar phróiseas na héabhlóide agus marthanacht na dtréan (rinne sé casacht chrua thirim dá ainneoin féin) agus an stuif sin ar fad lofa.’ ‘Cosúil leis na leathóga a gheibh muid Dé hAoine,’ arsa Máirtí Ó Maolanfaidh.

  3. #1219684

    “Agus ansin, ar ndóigh, dá dtarlódh fear cosúil liomsa amuigh ar a choiscéim san fharraige, is beag an baol go seasfadh sé ar an leathóg, ó tharla nach bhfuil sé leathan, agus é an-tanaí i ndáiríre.” Agus bhain sé úsáid as an lámh eile mar chos chun seasamh ar an iasc s’aige agus theip air.

  4. #1623335

    Radharc eile ar fad a thugann a leithéid de chur chuige dúinn ar an ábhar — mar a deir sí féin, bíonn an t-údar mar a bheadh ‘leathóg ar ghrinneall loch sáile ag glinniúint suas tríd an uisce ar chathair [acadúil] na Veinéise atá tógtha os a chionn ar chuaillí fearna’ (231).

  5. #1219686

    Ach, agus seo rud ba chóir daoibhse a thabhairt faoi deara, a bhuachaillí, nuair a bhaineann an t-iasc bocht aois oirbhirt amach, tosaíonn rud gránna a tharlú dó - bogann a shúile thart ar a chloigeann agus tagann cár ar a bhéal agus sula mbíonn a fhios aige cad é atá ag gabháil ar aghaidh, tagann lionn dubh ar an iasc bhocht - é níos uaigní ná Cruiteachán Notre Dame, An Fear Eilifinte agus Salmon Rushdie - agus titeann sé go bonn umar na haimléise agus maireann sé ar ghrinneall na mara, nó is é seo an t-aon dóigh amháin gur féidir leis gabháil ar aghaidh agus déantar leathóg de, iasc nach bhfuil dúil ar bith ag na gupaithe agus na héisc aingil agus na gleoiteacháin eile a roghnaítear leis na páirteanna móra a imirt i dtaisceadáin i seomra feithimh an fhiaclóra i Sráid an Bhéil Mhóir.