#260036
Sin nó loiceadh an Ghréig ar a cuid fiacha.
Sin nó loiceadh an Ghréig ar a cuid fiacha.
Déarfadh siad go raibh sé ag loiceadh ar a chomrádaithe.
“Tá an córas ag loiceadh orthu agus is bocht an scéal é,” a deir sé.
Ní raibh na daoine seo ag iarraidh go dtarlódh an loiceadh seo.
Níl loiceadh beartaithe ná cealú iarrtha.
Ní mian le hairí rialtais loiceadh d’aon saghas ar fhiacha a phlé.
An bhféadfadh muid loiceadh níos measa ná tá muid loicthe cheana féin?
An bhfuil an córas oideachais ag loiceadh ar phobal na Gaeilge?
Loiceadh orthu.
Loiceadh go damanta ar chúrsaí oideachais do chlann na Gaeltachta.
Bhí an teilifís agus lucht na bpáipéar théis loiceadh orthu.
Má polaitíodh an Ghaeilg, ba de dhroim loiceadh san iliomad páirtithe polaitíochta eile a tharla amhlaidh.
Loiceadh ar mhúineadh ábhar i nGaeilge idir an chéad bhliain agus bliain na hArdteiste.
Ba é mo thuairim go raibh Niamh, a bhí in ainm a bheith ag cothú an oideachais ba chuí d’Éireannaigh, ag loiceadh go holc ar na Protastúnaigh agus ag loiceadh ar an teanga — gur ise a bhí ciontach go príomha….
D'admhaigh Barry McGrory, a bhfuil freagracht air faoin tseirbhís phóilíneachta ó thuaidh, gur loiceadh ar an triúr íosbartach a bhuíochas do ghníomhartha a rinneadh agus cinnidh a glacadh.
Agus dúirt seisean go raibh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta nó'n IMF i bhfábhar loiceadh ar na sealbhóirí bannaí sinsearacha.
Ag fiosrúchán baincéireachta an Oireachtais, dúirt iar-bhainisteoir stiúrtha chumainn foirgníochta an Irish Nationwide Michael Fingleton go raibh aiféala air go mb'éigean do na cáiníocóirí íoc as loiceadh na mbanc.
66 bhliana d’aois atá Thomas Murphy as Baile Binibe i gContae Lú, agus ciontaiodh é mí na Nollag i loiceadh tuairsceán cánach a dhéanamh idir 1996 agus 2004.
Shéan Rialtas na Gréige tuairisc a foilsíodh sa Financial Times Dé Luain a dúirt go raibh loiceadh ar fhiacha beartaithe go luath acu.
Ní raibh ach cúpla uair a’ chloig fágtha go dtí go mbeadh an Ghréig ag loiceadh ar a gcuid fiacha leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Fiú má tá Syriza ag loiceadh ar phobal na Gréige tré ghéilleadh don Eoraip is don déine, ba chomhartha í céadbhua Syriza go raibh an pobal ag lorg rud eicínt difriúil.
Cá bhfuil an choimhlint sa chloigeann; an t-aighneas aigne, an sciúrsáil as gairm an tsagairt a thréigean, as loiceadh ar a chailín, as léim isteach i leaba fir?
D. Higgins, nár cheart gur leithscéal a bheadh ann don chraoltóir náisiúnta loiceadh óna gcuid dualgas i leith na teanga.
Maireann carachtair Mhic Amhlaigh ‘idir dhá shaol’, iad ina gcónaí dá n–ainneoin féin i Sasana, ach dlúthcheangail mhothála acu i gcónaí le tír atá tar éis loiceadh orthu.
Ba loiceadh agus ba fhealladh é ar an aisling úd ar dhoirt laochra na hÉireann a bhfuil ar a son leis na céadta bliain.
Chuireadh sé gruaim agus cantal air nár tugadh an aird chéanna ar an gcuid sin dá shaothar aipidh a bhaineann leis an loiceadh ar an idéal náisiúnta, mar a shamhlaigh seisean é.
Cúisíonn an file é féin agus muintir na cathrach as loiceadh ar a gcomhdhaoine faoi scáth na neodrachta oifigiúla.
I bhfocail eile, tá na gailearaithe móra poiblí ár ligean síos ach níl ealaíontóirí na mballaí ag loiceadh orainn.
Ba mhór an feall dá ligfeadh muid an deis seo tharainn de bharr seachantachta agus loiceadh córais.
Tá cluas atá iontach géar anseo, dhá shúil a fhéachann gan loiceadh ar nádúr agus ar iompar daoine agus bua cumadóireachta a aimsíonnn an sprioc.
Mar, ní féidir freastal ar na línte dearga go léir atá curtha chun cinn ag na páirtithe éagsúla gan loiceadh ar dhuine éigin díobh.
Agus cé mhéad Teachta Dála a bheidh faoi bhrú go háitiúil mar gheall gur loiceadh ar an ngeallúint sin?
Loiceadh ar na gasúir, nuair a d'fhag an comhairleoir éisteolaíochta an tír agus níor cheap na húdaráis sláinte aon duine ina áit.
Dúirt Ardrúnaí an Fhorais Phátrúnachta go bhfuil córas na Roinne Oideachais chun Gaelscoileanna a bhunú ag loiceadh ar thuismitheoirí ar mian leo go gcuirfí Gaeloideachas ar a bpáistí.
Anuraidh, dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil go bhfuil an eagraíocht ag loiceadh ar a dualgaisí teanga faoin Acht Craolacháin.
Nuair a loiceadh ar na hiasachtaí, díoladh na scaireanna ar luach lascaine do na holagarcaigh céanna i gceantanna rigeáilte.
Liosta le háireamh iad na haistriúcháin atá ag Focal.ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
Nuair a thosaigh na daoine seo ag loiceadh ar a n-íocaíochtaí, d'imigh foinse airgid tirim na mbancanna leo.
Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*?
Ach ní hamháin gur loic an príomhchraoltóir náisiúnta orainn maidir le fógraíocht do pháistí, ach tá sé ag loiceadh go leanúnach orainn maidir le hábhar na gcláracha féin.
Ach ón uair a bhain an Conradh cothrom don Ghaeilge san Ollscoil Náisiúnta i 1910, ní mall a bhí sí ach ag loiceadh, líon na gcraobhacha agus tacaíocht an phobail ag titim.
Ghlac lucht an ospidéil le dliteanas sa chás agus ghabh siad a leithscéal faoi loiceadh ar Rosie Slevin agus a máthair.
'An fáth ar chuir siad an dlí ar an stát' a dúirt Niall Muldoon, 'ná go raibh an stát ag loiceadh orthu sa gcéad áit'.
Dúirt seisean go bhfuil Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden i dteannta NATO go speisialta tar éis loiceadh ar phobal na hAfganastáine.
Dúirt sé gur "loiceadh suntasach" a bhí i gceist le córas den chineál sin a úsáid, mar a rinne Comhairle Contae Ros Comáin chun ábhar a aistriú ar a suíomh.
Rinne oifig an Choimisinéara Teanga iniúchadh ar na 32 údaráis ar fad le bliain anuas agus fuair go raibh an formhór acu ag loiceadh ar a gcuid dualgais. As na húdaráis ar fad, fuair an Coimisinéir go raibh Comhairlí Chontae Dhún na nGall agus Chontae Laoise ag freastal ar an bpobal go hoiriúnach. Bhí an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill cáinteach faoi chuid de na Ranna Stáit ina ndéileáil le lucht labhartha na Gaeilge.
Dúirt Michael Noonan go dtógfaidh sé tuairim is mí amháin chun pacáiste tarrthála nua a shocrú don Ghréig agus gan iasacht idirlinne go mbeadh an Ghréig tar éis loiceadh ar a cuid fiacha.
De réir an tsuirbhé seo, níl logo a dheimhníonn gur táirge de chuid na hÉireann é le feiceáil ach amháin ar 20% de shlisíní sa bhranda Galtee. Dúirt Cathaoirleach Náisiúnta Chumann na bhFeirmeoirí, Jer Bergin, inniu go bhfuil comhlachtaí anseo ag loiceadh ar fheirmeoirí muiceola mar go mbíonn siad ag maíomh go bhfuil siad bródúil as a gcuid “táirgí Éireannacha”, cé go mbíonn siad ag úsáid feoil importáilte i ndáiríre, a dúirt sé.
Cad eile a thabharfadh míniú ar an liosta fada de gheallantais a bhí i bhforógra toghcháin na bpáirtithe, a loiceadh orthu i ndeireadh ama: idir árachas sláinte uilíoch, táillí uisce, ciorruithe i liúntas leasa shóisialaigh etc.
“Scríobh mé dán dá thoradh seo go léir agus anois tá an t-amhrán ann le aird a dhíriú ar an gcúis gur thar lear atá Pádraig agus daoine atá sa riocht céanna leis ag fáil chóir leighis agus ní ina dtír féin – tá an stát agus an córas sláinte ag loiceadh orthu.” Is féidir éisteacht leis an amhrán thuas agus é a cheannach anseo – níl ach €2 air agus téann an t-airgead i dtreo Phádraig agus a mhuintir.