#862734
‘Cá'l Seán?’ ‘Sa leabharlann, measaim.’ ‘Chuardaigh mé ansin é.’ ‘Dulta go leabharlann Trinity?’ I moch na maidine, i bhfad roimh éirí na gréine, síos liom ar mo shean-Vespa go Sráid an Phiarsaigh, agus an mála poist arna líonadh agam, amach liom ag seachadadh litreacha ó bhun barr Shráid Grafton agus sna foshráideanna a ghabhann aisti.