#268626
Tá súil ag an Rialtas an dlí a athrú le nach gcuirfí daoine sa bpríosún sa gcás nach n-íocann siad a gcuid billí, ach go mbainfí an t-airgead atá dlite dá dtuarastal nó dá n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ina áit. Creidtear go bhfuil an Rialtas i bhfábhar orduithe astaithe a chur le pá nó íocaíochtaí leasa sóisialaigh daoine, mar rogha dheireanach.