Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

16 toradh in 16 doiciméad

  1. #1024550

    Is beag rud is lú orm ná gáire na fonóide, agus gáire leisce an mhagaidh, leisce na smeartáilteachta, leisce mheabhrach an té a tharraingíonn cliché chuige féin go neamhnáireach.

    Físchaint – Alan Titley

  2. #1067415

    Beart aineolach agus neamhshibhialta a luaim leis an bpolasaí neamhnáireach sin, agus is polasaí é, mar tá a thoradh le feiscint ar leathanaigh an Independent gach uile lá, agus gach uile Dhomhnach.

  3. #860764

    Tá a chomhionann de dhamáiste déanta leis, ach ba le toil na rialtas sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain a tharla an t-éirleach sa dúthaigh sin, agus ar mhaithe leis an daonlathas a chur i réim, mar a deirtear linn anois go neamhnáireach.

  4. #1414560

    Os a choinne sin, áitíonn Tomás Mac Síomóin go bhfuil feidhm ag an bpearsa Ó Mórna mar alter ego nó ‘aghaidh fidil, a ligeann don fhile, bruth gnéasach ‘an fhireannaigh thréitheach’ a cheiliúradh ‘go rábach agus go neamhnáireach os comhair an tsaoil’ (Mac Síomóin 1984: 28): In ainneoin gur samhail den fhireannach teanntásach é Ó Mórna, ba dhuine é sa deireadh thiar, i bhfocail an Direánaigh, a bhí ciontach agus roinn an dream a bhí umhal dó an chiontacht sin (Ó hAnluain 2002: 173).