Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh i ndoiciméad amháin

  1. #1066457

    [An lámhleabhar sin féin, dealraíonn sé nach raibh bunús dlíthiúil ar bith aige idir 1997 agus 2003 nó níos déanaí: ní raibh ann ach leabhar tagartha gan údarás go dtí gur tagraíodh dó mar ordachán i gciorclán sa bhliain 2003, más cruinn an chóip den chiorclán atheagraithe atá á chur ar fáil anois, nó gur dheimhnigh an tAire Iompair go soiléir sa bhliain 2007 gur ordachán a bhí ann faoi Alt 95.—(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961].

  2. #1066474

    Cé gur cuireadh na moltaí seo i bhfeidhm ó 1996 ar aghaidh – iad sin go háirithe a d’eascair ó thuairimí pearsanta seachas ó aon Reacht nó Ionstraim a bhí i bhfeidhm – tá amhras ann faoin údarás dlíthiúil a bhain leis an lámhleabhar agus le ‘ciorclán’ a ghabh leis go dtí gur luadh i gciorclán sa bhliain 2003 (de réir leagan atheagraithe den chiorclán atá ar fáil anois) gur ordachán a bhí sa lámhleabhar, nó go dtí gur dearbhaíodh le cruinneas dlíthiúil thar ceann an Aire Iompair sa bhliain 2007 gur ordachán faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a bhí sa Traffic Signs Manual.

  3. #1066475

    Cé go bhféadfaí cás bunreachtúil a bhunú ar an gcéim síos a thugtar don Ghaeilge san ordachán seo, tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga ina Thuarascáil Tionscnaimh (2004: 47) nach féidir leis gearán ina thaobh a iniúchadh de bhrí gur ordachán atá ann seachas achtachán (Reacht nó Ionstraim Reachtúil).

  4. #1066463

    Réiteach: go n-eiseodh an tAire Iompair rialachán faoi Alt 95.—(2)(a) nó ordachán faoi Alt 95.—(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a leagfaidh síos go mbeadh scríbhinní ar chomharthaí bóthair (‘síneacha tráchta’) de réir Alt 7 (2) de na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008; go mbeadh na logainmneacha i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht, agus go n-úsáidfí an leagan Gaeilge nuair atá an dá leagan gar dá chéile (alt 1.9.1 den lámhleabhar reatha).