Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

68 toradh in 49 doiciméad

  1. #1000212

    An páipéar bán sin a chur faoina ionar agus imeacht leis.

    Caimléireacht scrúdaithe – Alan Titley

  2. #1021305

    Peann agus páipéar bán leata os a gcomhair.

    Litreacha – Alan Titley

  3. #1000211

    – an mac léinn a gheibheadh páipéar bán scrúdaithe ón bhfeitheoir tamall gan a bheith róghairid roimh dheireadh scrúdaithe lá amháin, á ligean air go raibh a thuilleadh le scríobh.

    Caimléireacht scrúdaithe – Alan Titley

  4. #1312844

    Is cosúil go bhfuair sí bás 200 bliain ó shin, bíodh gur mhór an trua nár imigh sí as sular fhoghlaim sí conas peann leamh a chur le páipéar bán.

    Jane Austen agus zombaílitríocht – Alan Titley

  5. #1725627

    Molann an Páipéar Bán go gcuirfí scoileanna neamhspleácha, nó “Trust Schools”, in áit scoileanna atá curtha ar fáil ag údaráis áitiúla agus atá freagrach, mar sin, do pholaiteoirí áitiúla.

  6. #1749140

    Dúirt sé gur bhain an Páipéar Bán geit as agus go raibh John Reid ag déanamh neamhiontais den fhianaise faoi chaitheamh fulangach agus den dea-shampla ó thíortha eile.

  7. #1792798

    Cé gur dhein na meáin chumarsáide Bhéarla neamhaird iomlán di, geall leis, seo í an cháipéis is suntasaí ó foilsíodh An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge i 1965 i leith.

  8. #1970173

    Smúdáil Rós an páipéar bán agus lig sí uirthi go raibh sí ag seiceáil tarraiceáin na mbrioscaí is an tae is an tsiúcra.

  9. #735606

    Is é an moladh atá ann faoi láthair ná go bhfoilseofaí Páipéar Bán fá mhí na Samhna, dréacht-reachtaíocht fá oíche Fhéile Burns (25 Eanáir 2015) agus go mbeadh aighneachtaí ina leith beachtaithe sna forógraí toghcháin d’olltoghchán na Bealtaine seo chugainn.

  10. #743283

    Amach an fhuinneog leo, sciatháin bhána ag eitilt go haclaí síos chun cur leis an gcarn ard bruscair agus ansin bhí sé chomh maith duit iad a dhó, rince mire a dhéanamh timpeall ar loscadh na leabhar – ach níor leabhair iad a thuilleadh, bileoga bána dronuilleogacha breac le cruthanna beaga anaithnide agus bearnaí eatarthu a thug léargas ar a raibh ar chúl na línte dubha mantacha, páipéar bán.

  11. #744803

    Léiríonn an file seo an fheasacht dhomhain atá aige ar chúrsaí teanga agus éifeacht mhodhanna nua cumarsáide ar chúrsaí seo ach go sáraíonn sé caidrimh – Facebook agus Skype, leathanbhanda, an teilifís, agus an fón póca – mar a léiríonn sé sa dán ‘An Choirnis’: ‘Skype is ríomhphost an nasc againne lenár shíolraigh muid,’ agus go híorónta in ‘Goineoga ar an Ardaigh’: ‘Bhíodh peann le páipéar bán, anois ní cuil ach luch ar líne, / mo scéal le toinn ag imeacht, mo chúrsaire / ar leathanbheanda, Pangur marbh.’ Ar ndóigh, ba mar staraí a oileadh an Dúilleach, agus d’oibrigh sé seal cúig blianta sa Chartlann Náisiúnta.

  12. #830686

    tharla conspóidí eile chomh maith, cuid acu i bhFeasta, as sin go lár na seascaidí, mar go raibh an tOllamh Breatnach an-cháinteach freisin ar obair an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge (1963) agus An Páipéar Bán a lean é (1964).

  13. #883874

    Cuimhnítear, áfach, go mbíodh nós ann nuair a bhíodh reachtaíocht thábhachtach i gceist agus athruithe nó leasuithe tromchúiseacha á mbeartú, go bhfoilsíodh an rialtas ‘páipéar bán’ ar dtús agus ‘páipéar glas’ sna sála air, chun na hathruithe agus leasuithe a phlé agus a mhíniú don phobal.

  14. #974059

    Ní heol dom go bhfuil a leithéid de pholasaí ar fáil ó foilsíodh Páipéar Bán Athbheochan na Gaeilge (1965)." De bharr nach raibh polasaí náisiúnta ann, ní raibh sé "éasca treo agus fócas a choinneáil faoi na gníomhaíochtaí agus an fuinneamh ar fad atáthar á chaitheamh leis na hiarrachtaí.

    O Cuiv le coiste comhairleach teanga a bhunu – Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri

  15. #1011984

    Tugann an Páipéar Bán ar an Oideachas Aosach spreagadh d'institiúidí ardléinn polasaithe a chur i bhfeidhm a bheidh chun leas na mac léinn fásta agus a thabharfaidh breis deiseanna oideachais do dhaoine fásta.

    leann an phobail – Le Sean O Riain

  16. #1067300

    Idir 2000 agus 2006, tugadh aitheantas oifigiúil Stáit ar bhealaí éagsúla do thábhacht na hearnála deonaí i gcoitinne: Páipéar Bán 2000 ar Thacaíocht don Ghníomhaíocht Dheonach; tuarascáil a lean sin dar theideal Tipping the Balance 2002; taighde ó NESC 2003 ar an gCaipiteal Sochaíoch agus Impleachtaí Polasaí; agus an Tascfhórsa um Shaoránacht Ghníomhach 2006 (oifig a druideadh le fíordhéanaí mar chuid den eicsirsís gearradh siar).