#1510702
Vótáil baill SIPTU sa chomhlacht RA Pacáistí Teo (Rapid Action Packaging) ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar son gníomh stailce mar gheall ar aighneas le bainistíocht an chomhlachta.
Vótáil baill SIPTU sa chomhlacht RA Pacáistí Teo (Rapid Action Packaging) ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar son gníomh stailce mar gheall ar aighneas le bainistíocht an chomhlachta.
Dúirt an Roinn nach raibh sé ariamh i gceist go mbeadh ar thíortha an Aontais Eorpaigh lipéadú a dhéanamh ar chógais i ngach teanga oifigiúil: "*There has never been a requirement for medicines on the Irish market to be labelled in both the English and Irish languages.*" Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: "*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.*" Ar ndóigh, ní bheadh aon ghá leis an treoir a leasú murar cheap an Roinn Sláinte go raibh fadhb ag baint leis!