Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

189 toradh in 133 doiciméad

  1. #987091

    Meabhraíonn Art Ó Maolfabhail dúinn “Samhradh síorbháistí – planda agus páiste ag fiafraí/ cá bhfuil a ngrianrí”.

    Ná milltear an samhradh fada buí – Pomuiri

  2. #1906414

    Tá an planda seo gaolta leis an nGlúineach Bhiorach cé nach bhfuil sé chomh deacair é a chur ar gcúl leis an nGlúineach Bhiorach. Scaipeann an planda seo a chuid síolta 6 mhéadar in aghaidh na bliana agus is féidir le héanacha a d'íosfadh an planda seo é a scaipeadh chomh maith. Tuigtear nach bhfuil aon dochar sa bplanda seo d'ainmhithe feirme ach is féidir leis dochar a dhéanamh d'aibhneacha de bharr chomh sciobtha agus is féidir leis scaipeadh agus a dhul i bhfiántas. Mar phlanda gairdín a tugadh an planda seo go hÉirinn an chéad lá riamh sa mbliain 1839 as na Himiléithe sa Domhain Thoir agus tá sé scaipthe ar fud na tíre ó shin. Fásann Lus na Pléisce sciobtha sa tír seo ó tharla nach bhfuil an chréafóg sa talamh chomh fuar agus atá sna Himiléithe agus go bhfuil níos mó mianraí sa talamh anseo ná mar atá sa tír as a dtagann sé.

  3. #1894559

    Planda Tá fadhbanna móra i bpáirteanna de pharóiste Ghaoth Dobhair le planada nach planda dúchasach é, atá ag fás go fiáin, agus ag scriosadh talún, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh. Dúirt sé go bhfuil an planda Giant Rhubarb ag fás go leitheadach i gceantar Chnoc Fola, agus go bhfuil go leor talamh millte ag an phlanda. Beidh treor á lorg aige ón chomhairle contae maidir le caidé ba cheart a dhéanamh le réitigh a fháil don phlanda seo, agus cé air a bhfuil an dualgas réitigh a fháil de.

  4. #1907445

    Tuigtear dó go bhfuil feithid áirithe tugtha isteach an tír ón tSeapáin ag na hÚdaráis sa Bhreatain, feitheid a choimeádann an planda faoi smacht.  Deir an Comhairleoir Ó Gliasáin go gcosnóidh sé an-chuid airgid ar an gComhairle an planda a smachtú i gCiarraí.