#1409582
Solaoid thar a bheith soiléir í an tsáinn reatha ó thaobh na Gaeilge go mbaineann an t-aighneas go préimh le féiniúlacht phobail agus le haitheantas náisiúnta.
Solaoid thar a bheith soiléir í an tsáinn reatha ó thaobh na Gaeilge go mbaineann an t-aighneas go préimh le féiniúlacht phobail agus le haitheantas náisiúnta.
Ní chíonn filí coisithe eile, faoi mar a d’admhaigh Liam Gógan: “I gcoim na hoíche cloisim iad/Na coisithe ar siúl;/Airím iad, ní fheicim iad,/Ní fios cá mbíonn a gcuaird.” B’fhéidir go mba chóir préimh árachais níos mó a ghearradh ar fhilí.
Gréasán gnó Linked-In ceannaithe ag Microsoft ar $26.2b Seo an margadh is mó déanta riamh ag Microsoft agus ciallaíonn an $196/scar go bhfaighfidh Linked-In préimh 49.5% ar a luach Dé hAoine seo caite.
Tá ceann de na léiriúcháin is suntasaí sa togra cultúir Gaillimh 2020 i mbaol mar gheall ar chostas árachais, a deirtear. Bhí sé i gceist ag cleasaithe Shorcas Pobail na Gaillimhe siúl trasna Abhainn na Gaillimhe ar shreang ard mar chuid d'fhéile Phríomhchathair Chultúir na hEorpa an bhliain seo chugainn. Is cosúil, áfach, go bhfuil préimh árachais an chomhlachta ardaithe go mór agus go gcaithfidh siad deireadh a chur leis an gcuid is dásachtaí dá ngníomhaíochtaí dá bharr. Deir siad nach bhfuil ach comhlacht amháin go dtí seo sásta árachas a chur ar fáil dóibh agus nach gclúdaíonn an polasaí sin cleasghleacaíocht san aer ná aon ghníomhaíocht os cionn airde 1.5 méadar.