#1309797
Thuigfeá go maith do leithéid Prudence agus Felicity, ach bhí Kill Sins agus Die Well beagán níos amhrastúla.
Thuigfeá go maith do leithéid Prudence agus Felicity, ach bhí Kill Sins agus Die Well beagán níos amhrastúla.
De bhreis air sin, tá 'mental ability', 'prudence', 'genius', 'ingenuity', 'dexterity', 'self-control', 'dignity', 'modesty' ag an Duinníneach (Dinneen 1927: 1136), chomh maith leis an seanfhocal 'is fearr stuaim ná neart', mana atá mar bhonn le géarchúis fhadradharcach na mban, i gcodarsnacht le laochas buile na bhfear, faoi mar a léirítear iad i dtraidisiún na litríochta ó Ecclesiazusae Aristophenes go Párlaimint na mBan Dhomhnaill Uí Cholmáin (c.1645-c.1704).
Maidir le corp an dáin féin, admhaíonn Caerwyn Williams agus Ford, dá ngéillfidís do bhunchiall 'stuaim' (mar atá 'self-control, good sense, prudence'), go gcuirfeadh san a rogha léimh ar an dán as a riocht: 'stuaim … thus translated would give the reader an entirely different impression of the addressed lady's character' (1992: 186).