#2045080
Is iad na ranna sin nach bhfuil aon phost 'Gaeilge' iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.