#294126
Aindrias de Staic: Ceviche Ronnach.
Aindrias de Staic: Ceviche Ronnach.
AdS: Ronnach!
Ronnach úr is deise.
Leis an dá ronnach úr, gearr suas iad i bpíosaí beaga.
Ronnach don bhéile, ansin tae rooibos le seacláid dorcha agus ruaille buaille bébé!!
Agus séasúr na ronnach linn, is maith léi bláthanna troim agus feamainn a úsáid chun ronnach leasaithe a dhéanamh.
• (Cócaireacht) smoked haddock/ham/mackerel: cadóg dheataithe, liamhás deataithe, ronnach deataithe (murlas deataithe, maicréal deataithe).
taisme/timpiste/tionóisc, maicréal/murlas/ronnach) agus fágadh ann iad.
Brisim crusta ronnach an chodlata ar mo shúile agus breathnaím láithreach i dtreo bhun na leapa.
Tá ardú 10,500 tonna ar an gcuóta ronnach d'iascairí don bhliain seo chugainn.
an Chláir, 80,000 ronnach an tseachtain seo caite.
‘Dúirt,’ arsa mise, ‘agus cheannaigh mé ronnach dó.’
Ba ghearr go bhfaca muid briseadh ronnach ar dhromchla na farraige.
Chonaic mé fear ag imeacht agus gan aige ach ronnach amháin.
Bhí marú na ronnach faoi lán tseoil i gcónaí.
Amach le m’athair ar strapadh, áit a bhfaca sé briseadh ronnach.
Chuir mé mo chuid samplaí ar ais chucu – ronnach, corcrán coille agus crobh dearg.
Tá comhdháil idirnáisiúnta ar bun i gCorcaigh an tseachtain seo ina bhfuil cuótaí ronnach a phé.
Is furasta bheith dall ar an uisce thimpeall ort nuair is ronnach sa bhfarraige tú.
Ag iascach ronnach a bhí an Iúda Naofa agus na báid eile ar chosta na hAlban.
Tá dhá chéad ronnach ag snámh i do thimpeall, tá mé féin agus an Mhaighdean Mhuire ag féachaint anuas ort.
Dúradh i gCúirt Chuarda Dhún na nGall gur mhaígh Michael Cavanagh gur 59 tonna bolmán a bhí tugtha ar an bport sna Cealla Beaga aige, cé gur léirigh cáipéisí díolacháin gur 60 tonna bolmán agus 130 tonna ronnach a bhí i gceist. Mhaígh Brendan Gill gur 75 tonna bolmán a bhí tugtha i dtír aigesean, cé gur léirigh na cáipéisí gur 210 tonna bolmán agus 50 tonna ronnach a bhí i gceist. Tá dáréag fostaithe ag an mbeirt fhear agus d'iarr a ndlíodóirí ar an mBreitheamh Keenan Johnson gan fíneálacha móra a ghearradh orthu ar fhaitíos go gcuirfí na postanna sin i mbaol. Fíneáil €30,000 a ghearr an Breitheamh Johnson ar Michael Cavanagh agus €37,500 ar Brendan Gill.
Théadh muid ag snámh go minic ann agus muid inár leaidsí óga ar ár mbealach siar ag iarraidh ronnach ar Charraig na bPiseog.
Is é an Ronnach (nó ‘murlis’ mar a ghlaoitear air i dtuaisceart Mhaigh Eo) an t-iasc is fearr liom go mórmhór.
Mura mbeadh brádán fiáin ar fáil, gheobhainn ronnach, cál orgánach agus quinoa agus réiteoinn bia blasta don uile duine sa teach.
D’éirigh linn thart ar 12 ronnach a fháil agus sin an lón is deise a bhí agam riamh!
Fág an ronnach suas le 48 uair an chloig clúdaithe le bláthanna troim agus feamainn; cuir greim siúcra, salainn agus piobair air fosta.
Gile an mhiotail ag spréacharnach faoin solas — é ag briseadh isteach trí chrústa ronnach an chodlata orm nó go n-osclaítear súil, is ansin an dara súil, agus déanaim ciall den bhfeic.
Chnag sé ar dhoras an Dingle (nó an Cumairín Crannach nó Fothair na ronnach, bíodh do rogha agat!) ach níor ligeadh isteach é.
Cúpla ronnach, a bhí fanta sa reoiteoir ón tseachtain seo caite, chomh maith le roinnt fataí is cairéid a bheadh acu.
D'itheamar arán baile, uainfheoil agus fataí an oileáin, agus ronnach, agus tá dúil faoi leith agam sa mbeatha sin fós.
D’áitigh na heolaithe go bhfuil seacht speiceas tuinnín, mairlín agus ronnach i mbaol a ndíothaithe anois, speicis a bhfuil tábhacht tráchtála leo gan trácht ar thábhacht na héiceolaíochta de.
Fág mo bhealach, a phabhsae smaoise … Nach cuma liomsa, a ronnach de smaois, céard a dhéanfas Bord na nOibreacha Poiblí?
Léiríonn sé a chuid samhlaíochta agus scileanna scríbhneoireachta agus é ag insint dúinn faoin ronnach mór a bhíodh aige, nó sa tagairt don lá oibre a bhíodh aige sa Bhriotáin fadó.
Ba mhór i gceist ronnach nó ballach shaillte oíche Nollag agus cár fhág tú na ‘breams’ arbh sholamar iad ach a dtagaidís tirim saillte isteach as Árainn.
An rud is mó a ghoill air, cheapfainn, go raibh chuile dhuine eile thart air ag tabhairt neart ronnach i dtír.
Ní i bhfad ina dhiaidh sin agus mé ag baint ronnach anuas de dhuán, go bhfaca mé m’athair ag déanamh a bhealach siar le cladach.
Tá báid a théann ar thóir na ronnach amuigh sna farraigí móra ar féidir leo naoi gcéad tonna meáchan den iasc a tharrach ar bord sara bhfillidh siad arís i dtír.
Sa tseanaimsir bhíodh iascach ronnach, bream (bran), ballach, gliomach, mangach, langa, eascann, ‘elbo’, roc, bolmán, sciata, scadán, trosc, colmóir, fíogach agus plás.
Dúirt an ceannaitheoir éisc Bertie Ó Flatharta go gcuirfeadh na srianta atá molta ar chuóta na ronnach isteach ar iascairí sa tír seo.
Cuótaí ronnach Duirt an ceannaitheoir éisc Bertie Ó Flatharta nach n-aontaíonn sé leis an ráiteas atá déanta ag Cumann Iascairí na gCealla Beaga, sé sin go léiríonn taighde go bhfuil ardú ag teacht ar an stoc ronnach.
Aontaíodh ag cruinniú a bhí i Londain an tseachtain seo go mbeidh ardú 41% ar an gcuóta ronnach a bheas cead a thógáil an bhliain seo chugainn.
murlas (CU), ronnach (CC) agus maicréal (CM) a thugtar sna canúintí réigiúnacha ar an iasc a dtugtar mackerel air sa Bhéarla.
Idir mhamaigh, éin, éisc agus reiptílí atá i gceist. Deirtear sa staidéar gur laghdú 74% atá tagtha ar an líon ronnach agus tuinnín - mar gheall ar an ró-iascach ach go háirithe - le 45 bliain. Deirtear sa tuarascáil atá curtha i dtoll a chéile ag an gCiste Domhanda Fiadhúlra agus Cumann Zó-eolaíochta Londain gur athrú aeráide is cúis leis cuid mhór den díothú freisin.
Faraor géar dóite, is mór an t-athrú é ó aimsir an phota mhóir miotail agus na ciseoige saileánaigh a bhíodh go buinne béil i lár an urláir le fataí plúracha agus bairnigh, faochain, sleamhcán, scadán caoch, iasc, mangach, ballach, ronnach mar anlann leo mar aon le scalach breá leamhnachta nó fothramán breá bláthach úr agus, dar m’anam, gur bheag an locht.
Dorú a scaoileadh thar bord nuair a bhuailfeadh dúil i ngreim le n-ithe é. Ba deacair an ronnach úr a bhíodh rósta os cionn na tine sa gcurach a shárú.
Luann sí seifteanna éagsúla a bhíonn acu in RnaG chun an beagán atá ann a aimsiú : “Titeann muid ar chuile ainm Gaeilge sna nuachtáin mar a thitfeadh faoileáin ar phíosa de ronnach.’’ Agus ainneoin an méid cainte a dhéantar faoi bhorradh faoin ghaeloideachas “is mó Gaeilge atá ag an seandream ná mar atá ag an aos óg’’ dar léi.
Bhí arán agus subh baile againn, buíochas ó chroí leis an mbeirt a rinne iad, agus leis an iascaire agus a mhac ina ngeansaithe gorma, a thug ronnach dúinn nuair a bhí siad gann.
Chomh maith le hobair na feirme dhéanadh sé aon obair a bhí le fáil; chaith sé féin agus a dheartháireacha tamall de 1921 agus 1922 ag sailleadh ronnach do cheannaí éisc, iad ag sclábhaíocht ó dhubh go dubh.
Mairtíneach na hola a thugann Seán Mac Giollarnáth air le cois Mairtín olra agus Mairtín ola, leaganacha a bhailigh De Bhaldraithe i gContae na Gaillimhe mar go mbíonn an t-éan ar thóir ola na ronnach.