Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

19 toradh in 18 doiciméad

  1. #1691750

    **Bliain mhaith seachas sárbhliain**Bliain mhaith iomána a bhí in 2007 ach ní aontaím le scríbhneoirí eile ar nós Liam Griffin a dúirt gur sárbhliain a bhí inti.

  2. #1691726

    Ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leo siúd a deir gur sárbhliain a bhí ann do na cluichí Gaelacha ach measann sé go raibh caighdeán na himeartha go han-mhaith mar sin féin.

  3. #339373

    Dúirt Ryan McHugh i rith na seachtaine go bhfuil cuid de na tosaithe is fearr sa tír ag Gaillimh agus cé go raibh sárbhliain ag Damien Comer sa líne lántosach go dtí seo, níor chas sé ar lánchúlaí chomh chumasach le Neil McGee fós.

  4. #370234

    Cé nár bhuaigh an Clár Craobh Faoi-21 na hÉireann i mbliana, an chéad uair nár éirigh leo ó 2011, bhí sárbhliain fós ag Duggan, é ag aimsiú 0-12 i gcluiche leathcheannais an chúige in aghaidh Phort Láirge, agus ainmníodh ar fhoireann na bliana é.

  5. #876278

    Ina Réamhrá dá Thuarascail don bhliain 2012 cuireann an Coimisinéir Teanga in iúl dúinn nach ‘sárbhliain’ a bhí againn in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ‘ar scáth aon chéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtógáil ar gcúl.’ Mar léiriú air seo, deir sé níos déanaí sa réamhrá go bhfuil trí cheathrú de na scéimeanna teanga a daingníodh ó thús ama imithe i léig um an dtaca seo.

  6. #985239

    “Tóg do chéad chéim!” an mana atá ag Seachtain na Gaeilge i mbliana ach bhí teachtaireacht ní ba dhuairce ag an gcoimisinéir dúinn inné: “Ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.” ‘Céim chun tosaigh, dhá chéim ar gcúl’.

    ‘Céim ar gcúl’ an choimisinéara – Pomuiri

  7. #1286176

    Is iad Andy Moran, a raibh sárbhliain aige le Maigh Eo, agus James McCarthy, a fuair laoch na himeartha i gcluiche ceannais an Domhnaigh, an bheirt eile atá san iomaíocht don ghradam ‘Peileadóir na Bliana’.

  8. #1336584

    Ní hiad fir agus buachaillí na Gaeltachta amháin a raibh sárbhliain acu, áfach, mar bronnadh gradam ‘Cumann na Bliana’ LGFA Chiarraí ar Chumann Caide Ban Chorca Dhuibhne as ucht na hoibre a rinne siad i mbliana.

  9. #1205369

    Agus é ag caint ag an Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha sa Dáil ar 4 Mí na Nollag ba go caolchúiseach a labhair sé: “Go ginearálta, ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.” Abair sin, a Sheáin!