Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

3,543 toradh in 2,338 doiciméad

  1. #1699607

    Ba mhaith liom baile beag saoire a thógáil dóibh, áit a dtiocfadh siad ar saoire, tearmann.

  2. #984606

    Ní airgead breise a shantaím i ndáiríre ach saoire bhreise agus ní saoire an tsamhraidh atá á mhaíomh agam ach saoire sa sceideal oibre.

    Am in ait airgid – Sean Mac Labhrai

  3. #1071826

    Is cosúil go n-airíonn daoine eile mar an gcéanna nuair a fhaigheann siadsan a laethanta saoire, ach ceapaimse nach ionann laethanta saoire scoile agus saoire ó aon láthair oibre eile.

  4. #1370052

    Dúirt sí, áfach, go gcuireann tréimhsí saoire costas breise ar fhostóírí.   Tá rún le cur os comhair na Dála inniu ag moladh go méadófaí an tréimhse saoire seo ó 18 seachtain go dtí 26 seachtain.  Is iad na Daonlathaithe Sóisialta a mhol an rún agus tá sé ráite ag an Rialtas nach gcuirfidh siad ina choinne.   Mar sin féin, deir an Rialtas gur cheart go ndíreodh aon reachtaíocht ar thréimhse saoire le pá a chur ar fáil seachas an tréimhse saoire gan phá a mhéadú mar atá á mholadh.