#399688
Tá sé ráite ag Seansailéar na Gearmáine Angela Merkel nach ligfear don Bhreatain "togha is rogha" a dhéanamh sna cainteanna idirbheartaíochta amach anseo. Ag cruinniú mullaigh cheannairí na mballstát sa Bhruiséil tráthnóna, dúirt an Seansailéir go gcaithfidh an Bhreatain glacadh le saoirse gluaiseachta do shaoránaithe uilig na hEorpa más mian leo fanacht sa Mhargadh Eorpach Aonair i ndiaidh vóta na seachtaine seo caite. Léirigh an Seansailéar a thábhachtaí is atá sé go leanfadh an dea-chaidreamh idir an tír sin agus an Bhreatain ar aghaidh agus go ndéanfaí an tAontas Eorpach a láidriú.