#280131
Coimisiún laghdaithe, 35 cent an scair, a bheidh ar dhaoine ag díol 50-1,000 scair.
Coimisiún laghdaithe, 35 cent an scair, a bheidh ar dhaoine ag díol 50-1,000 scair.
Lean mé é, fad leis na carraigeacha a scair ár gcuid den trá ón gcuid eile.
€2.55 an scair atá tairgthe ag IAG.
I Mí na Bealtaine vótáil an Dáil ar son scair an Rialtais san Aerlíne a dhíol.
Feictear go bhfuil sé ina fhear croíbhriste ó scair sé óna iar-bhean chéile, Stephanie.
“Scair sé an grúpa go pointe,” arsa Caoimhín.
Scair The Pyramids i 1977 tar éis dóibh trí albam a thaifeadadh.
Mar sin, i Lúnasa na bliana 1900 scair sé le Cumann Íosa.
Tá scair ag dhá iseaghluais ar a chéile sna hidircheantair A,É agus A,A!, agus tá scair ag trí iseaghluais san 'idir-idircheantar' A,A!,É.
Tá praghas stocmhalartáin Mylan Pharmaceuticals, a bhfuil monarcha mhór dá chuid lonnaithe ar an gCoill Rua in Indreabhán, tite ó $49.20 an scair Dé hAoine seo caite go $43.11 an scair inné.
Scair Javier a glúine óna chéile agus tháinig sé féin eatarthu.
Go hobann bhris ar an bhfoighne aige agus scair sé de léim uathu.
€4.40 ab fhiú scair i mBanc Aontas Éireann i mí an Mheithimh seo caite.
An tseachtain seo caite b’fhiú €5.20 scair acu.
Níor scaoil a sheanmháthair greim ar a lámh go dtí gur scair an t-uisce iad.
Níor thaitin Matt lena máthair ó scair siad ó chéile.
'Scair is Treascair,' a thugtaí ar an chur chuige seo in aimsir Iúl Caesair.
In ainneoin ar gheall a chara dó, ní raibh dada cloiste ag Ailfí uaidh ón uair a scair siad ó chéile an lá roimhe.
€2.55 an scair atá tairgthe a dúirt an Bord i ráiteas gonta chuig an Stocmhalartán ar maidin.
Táthar ag fanacht fós le cinneadh ón Rialtas an 25% de scair atá acú a dhíol le BA.
Seo an chéad uair ar bhuail duine de theaglach Ríoga na Breataine le baill de Cheannasaíocht Shinn Féin i bPoblacht na hÉireann ó scair an Tuaisceart ón bPoblacht.
Is le IAG British Airways cheana féin agus tá scairshealbhóirí Aer Lingus le €2.55 a fháil do gach scair má ghlactar leis an tairiscint.
Tagann ceadú Ryanair dhá mhí i ndiaidh do Rialtas na hÉireann aontú a scair 25% in Aer Lingus a dhíol le IAG.
334,000 duine aonair atá sa tír a bhfuil scaireanna acu, níos lú ná 1,000 scair an duine.
Faoin tairscint beidh daoine a bhfuil níos lú ná 50 scair acu in ann iad a dhíol gan aon chostas.
Ach is léir go bhfuil FF go maith chun tosaigh sa Dáilcheantar seo ar a scair náisiúnta reatha.
Iarbhall d’Fhianna Fail a bhí ann ach scair sé ón bpáirtí sin sa bhliain 1997 nuair a theip air ainmniúchán olltoghcháin a fháil agus ba mar theachta neamhspleách a toghadh é.
Ba é cúl an Daingin, a scóráil Mark Ashe, a scair na foirne ag leath ama, 1-4 in aghaidh 0-4.
Seans nach gá a rá go raibh an bua ag na Bláthanna – scair The Donnelly Brothers agus an deis caillte acu.
Coicís níos déanaí, scair muid, mé fágtha le péire ticéad i gcomhair saoire rómánsúil san Iodáil, gan aon bhuachaill lena thabhairt liom.
Tá scair mhaith den phobal ó thuaidh nach vótálfadh do Shinn Féin choíche mar gheall ar fheachtas an IRA, mar gheall ar pholasaithe agus mar gheall ar chúrsaí aicme.
Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhféadfaidh ballstáit scair a bheith acu i mbanc gan cead a fháil ó scarshealbhóirí, má tá contúirt mhór ar an eacnamaíocht.
Dúradh go raibh an socrú go mór i bhfábhar comhlachtaí a raibh scair 5% acu i gcomhlachtaí iasachta.
Chaith Art a scair go drabhlásach agus is ag obair do dhaoine eile a chaith sé a shaol.
Ach air sin a bhí mé ag smaoineamh, chan ar m’iníon a bhí ag iarraidh scair de mo chuid ama, agus iomlán mo chuid airde.
Leathshlí idir cheithearn agus phortchuillís do scair an bheirt gharsún ó chéile le haon bharróg fhoirmeálta amháin.
‘A mhic an Iarla,’ arsan bhean chiúin staidéartha ’na seasamh os a chomhair, ‘is fada ó scair ár slite ó chéile.
“Diail mhaith” é an freagra, más fianaise na trí albam eile a d’eisigh Ride sular scair an grúpa in 1996.
Is gairid go raibh £890 ar a chuid scaireanna, agus ag an bpointe sin thosaigh cuid de na scair-shealbhóirí ar dhíol, d'fhonn an buntáiste brabaigh a bhaint dóibh féin.
Thit a luach arís, roimh dheireadh na bliana céanna, mar a tharlaíonn, siar go £100 an scair.
Scair Faber agus a lucht leanúna leis an Aragal i mBirmingham agus tá an tAragal barócach a chuireadar ar bun in Brompton fós i réim.
Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach ba iad an dá chúl sin a scair na foirne agus an bua ag mná Chorcaí, 2-11 in aghaidh 0-11.
Dúirt INM go mbeidh na scairshealbhóirí i dteideal 10.5% in aghaidh gach scair atá acu a fháil in airgead tirim.
Is é an spríoc atá acu ná an club a cheannach le £500 milliún – airgead ó 100,000 tacadóir a cheannóidh scair £5,000 an duine.
Anois bhuail sé idir an dá shúil í go mbeadh uirthi an líne rúndiamhrach úd a scair oibrithe caifé ón gcuid eile den chine daonna, a thrasnú an athuair gan mhoill – sa treo eile.
Croí eile ar lár, beirimis urraim do na mairbh.’ D’éist a raibh sa tigh, is roinn gach tic ón gclog an tost – scair ghlan an duine againn.
€1.3 billiún é luach na cuideachta faoin tairiscint nua. Le dhá mhí anuas tá IAG tagtha faoi dhó ag iarraidh Aer Lingus a cheannacht, €2.30 an scair ar dtús agus €2.40 faoi Nollaig.
Idir an dá linn, tá SIPTU, an ceardchumann is mó in Aer Lingus, ag iarraidh ar an Rialtas gan scair an stáit san aerlíne a dhíol gan ráthaíocht a bheith faighte faoi phostanna an lucht oibre.
Tá imní á léiriú ag fostaithe agus ag polaiteoirí, baill rialtais ina measc faoi na himpleachtaí a bheadh i gceist dá ndíolfaí an aerlíne. Dúirt an tAire Iompair, Paschal Donohoe ar RTÉ aréir go gcaithfí postanna agus seirbhisí aeir a chur san áireamh nuair a bheidh an Rialtas ag déanamh cinneadh ar cheart dó an scair atá aige in Aer Lingus a dhíol.
Tá sé deimhnithe ag bord Ryanair go bhfuiltear i ndiaidh votáil d'aon ghuth glacadh le tairiscint IAG an scair 29.8% atá ag Ryanair in Aer Lingus a cheannach. Dúirt Ryanair go votáilfear i bhfábhar glacadh le tairiscint IAG, ag cruinniú ginearálta urghnách Aer Lingus Déardaoin seo chugainn má fhaigheann an tairiscint cead rialála ó Údarás Iomaíochta na hEorpa.