#330001
Ar an gcaoi chéanna, má chuirtear an scoithphointe nua – 56% – i bhfeidhm ar chéatadán na ndaoine óga atá ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil (colún 3 sa tábla thuas), tá tú fágtha le 12 Toghroinn i gCatagóir A, seachas toghroinn amháin mar a tuairiscíodh sa Nuashonrú agus an 67% á úsáid mar scoithphointe ag na húdair.