Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

3 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #1839976

    Bhí na focail ‘situation’ (cúrsaí, scéal, cás) agus ‘virus’ (víreas) i measc an 100 iontráil ba mhór cuardach idir 1 Márta agus 20 Bealtaine freisin.Rinneadh cuardach go minic, freisin, ar fhocail nach bhfuil baint dhíreach acu le téarmaíocht na paindéime ach a bhféadfaí a bheith nach mór cinnte fúthu gur spreagadh na cuardaigh sin mar gheall ar an gcaoi a bhfuil rudaí in Éirinn faoi láthair.I measc na bhfocal sin bhí ‘exercise’ (aclaíocht), ‘walk’ (siúil), ‘important’ (tábhachtach), ‘miss’ (braith uait), agus ‘support’ (tacú le).Ar ndóigh, tháinig go leor téarmaíochta nua chun cinn ó thosaigh ráig an víris chorónaigh cúpla mí ó shin, agus cé go bhfuil na téarmaí agus nathanna nua sin sa chaint anois agus le léamh agus le cloisteáil ar na meáin, níor cuireadh leis an bhfoclóir ar líne go fóill iad.Lorgaíodh ‘coronavirus’ (coróinvíreas) féin, chomh maith le leithéidí ‘socail distancing’ (scaradh sóisialta, ‘hand sanitiser’ (díghalrán lámh),  agus ‘self-isolation’ (féinleithlisiú) le dhá mhí anuas, agus cé nach bhfuil na focail sin le fáil ar an leagan digiteach den fhoclóir go fóillín, beidh siad ar fad sa leagan clóite a bheidh ar fáil níos déanaí i mbliana.