Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

40 toradh in 37 doiciméad

  1. #1711098

    Ba bhastairdí iad, ach ba shinsir iad, leis, agus tagann sinsearacht roimh an uile ní.

  2. #1029765

    Williams leabhar nua, An Chríostaíocht le Sinsearacht (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Helen Ó Murchú Dé hAoine ag 6pm i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath.

    Lorg na gCloch – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  3. #1552031

    Lomfhianaise é seo ar an obair atá ar bun le hóige na Gaeltachta agus ar an spéis dhiamhair sa chaid atá le sinsearacht sa dúthaigh.

  4. #631256

    Bhí cáil an óil agus an ghaisce ar na hiarshaighdiúirí agus is beag suim a bhí ag go leor acu sa bpolaitíocht: ‘These men were fine experienced soldiers, were whiskey drinkers, cursed and swore and were rough and reckless, and had a winning way about them and were able to get the less experienced Sinn Féiners to look up to them for advice.’ Rinne Pádraig Ó Fathaigh cur síos orthu mar dhaoine a bhog na hóglaigh ‘somewhat from the Sinn Féin ideals.’ Mar sin féin, bhí tionchar acu ar na hóglaigh agus tugadh ceannasaíocht agus sinsearacht do roinnt acu.

  5. #669904

    Bhí sinsearacht Éireannach agus Sasanach ann agus bíodh is go ndeireann sé féin gur féidir a shinsear a rianadh siar go dtí Brianaigh an Chláir san seanam, is léir ó thaobh a athar de gur bhain siad le lucht plandála.

  6. #745168

    de réir mar a théann duine báúil i ngleic leis an bhfilíocht Churraoineach is ea a fheicfidh sé go soiléir nach teanga mhór na Gaeilge amháin atá le máistriú aige mar léitheoir ach an seanchas a ghabhann leis an teanga sin le sinsearacht.

  7. #868855

    As sinsearacht liteartha den mhianach sin a d’eascair eachtraí áirithe in Lámh Láidir, mar shampla, an tuairisc ar an gcéad lá ar scoil agus ar bhrúidiúlacht na nuns, chomh maith leis an spraoi a baintear as Béarla leathbhruite na ngasúr.

  8. #1065225

    Tá an méid seo deacair le tuiscint toisc go bhfeictear go bhfuil sé nádúrtha againn a bheith ag brath ar an mBéarla, fad agus atá an Béarla céanna mar phríomhtheanga againn: ach ar an gcuma sin táthar ag sú ár mbeatha chomhdhaonna ar leith asainn, beatha a seoladh chugainn le sinsearacht.

  9. #1075266

    Chailleamar ár dteanga dhúchais, geall leis, agus briseadh ar nósanna na meithle agus an chomhair, a bhí mar cheangal ar phobail na muintire s’againne le sinsearacht, agus fágadh ár ndaoine ar an ngreim gortach, iad i muinín na mine buí, agus ar ball i muinín an bhacstaí, mar phríomhbhianna laethúla.

  10. #1080403

    Ar an gcaoi sin, trí na tréithe inmhianaithe sin a lonnú san am atá thart, dearbhaítear a sinsearacht agus cuirtear in iúl go soiléir gur ó na daoine a raibh na tréithe breátha sin acu fadó a tháinig an cineál tíre, an cineál náisiúin, atá againn inniu.

  11. #1099446

    Is chuige atáim, leabhrán na hócáide seo a theacht amach faoi shéala Leabharlanna Cathrach Chorcaí, nach fás aon oíche é ach é ina pháirt de thraidisiún a bhfuil sinsearacht céad bliain aimsire ar dhul amháin nó ar dhul eile aige.

  12. #1118915

    le ceart agus le dlisteanas [Rí] Shéamais; aon cheist amháin aighnis a bhí le réiteach ina thaobh: cé acu le Leath Choinn nó le Leath Mhogha a bhain sé le sinsearacht!’​ (Aisling Ghéar..., 1996).

  13. #1119731

    Tugann Breandán Ó Buachalla éirim na hargóna: ‘Dar le Ó Fearghail, pé ceart a bhí ag ríthe Shasana le sinsearacht chun ríocht na hÉireann, go raibh an ceart sin forghéillte le tamall acu toisc gurbh eiricigh iad; b’​é an dream is mó a chabhraigh le ríthe Shasana forlámhas a fháil ar Éirinn na Sean-Ghaill, dream nár Chaitlicigh in aon chor iad’​ (Aisling Ghéar..., 1996).

  14. #1196845

    Críochnaíonn Jay P Dolan a leabhar le focail dheasa sa chaibidil ‘It’s Chic to be Irish’: ‘Is é an rud is suntasaí, i ndiaidh trí chéad bliain staire agus go leor glúnta i bhfad ó Éirinn, go roghnaíonn na milliúin Meiriceánach sinsearacht Éireannach mar ghné riachtanach dá n-aitheantas.

  15. #1211362

    Agus faoi mar a deirtear in eagarfhocal eagrán seo na Samhna, ‘Is boichte a bheas an tír, agus saol na Gaeilge, má imíonn irisí amhail An tUltach ón tsaol.’ Luaitear freisin san eagarfhocal chéanna sin, an chaoi a gcaillfeadh scríbhneoirí nua, léitheoirí na teanga, agus mic léinn, go gcaillfeadh siadsan ardán le dul i dteagmháil le spiorad agus le dearcadh a gcine trí mheán na teanga a mhúnlaigh, a d’aclaigh, agus a spreag, aigne a gcine le sinsearacht, agus ní beag nó suarach an focal é sin.

  16. #1318680

    Ar nós na gcoilíneach dar de é le sinsearacht, b’é ba nós ag Jonathan ‘Sasanach a rugadh in Éirinn’ a thabhairt air féin, nó ‘Sasanach a raibh sé de mhí-adh air gur rugadh in Éirinn é.’ Mar sin féin, tuigeadh dó go raibh náisiún ar an saol in Éirinn, ach ba náisiún é a bhí teoranta dá leithéid féin, dar leis, na coilínigh nua Protastúnacha, agus nach raibh cuid an náisiúin Éireannaigh ag aon dream eile.

  17. #1410300

    ‘Fáig’ nó lóistín d’fhilí gach ré an ‘snáth ceangail’ muintire seo a shníomhtar le gach réigiún agus a spreagann an cheist: An fiú breathnú ar aon dream filí faoi phúicín a gcomhaimsire amháin, lasmuigh dá sinsearacht?

  18. #1429847

    En passant atá an méid sin á lua, áfach, agus níl i gceist anseo ach tuairisc a thabhairt ar fhiontar iarbhír an fhile seo agus ar thábhacht dar leis an athcheangail, nó mar a deir sé féin, an ‘snaidhmeadh’ atá sé a dhéanamh idir sinsearacht agus ‘nua-aois’ i dtreo gur DNA na teanga a bheidh ar a shaothar saoil.

  19. #1450137

    Sa bhliain 1886, bhunaigh an Gramhnach cumann Gaelach sa Choláiste, cumann, i bhfocail an Fhiannachtaigh ‘a bhláthaigh ina dhiaidh sin mar “Cuallacht Cholm Cille” agus atá beo bríomhar fós agus sinsearacht aige ar Chonradh na Gaeilge féin.’ Cé nach raibh na húdaráis sa Choláiste i gcónaí ar son na teanga, bhí áit lárnach aici i measc scata de na mic léinn agus iad ar a seacht ndícheall í a spreagadh agus a chur chun cinn ina measc féin.

  20. #1526256

    Seans go gcuirfear Cigire go dtí an Clochán agus go mbeidh an duine sin ar an duine is sinsearaí sna Gardaí i gConamara as sin amach. Go cinnte, tá sinsearacht ag baint le stádas Cigire, ach, tá ceist stádas na nGardaí i gConamara, agus i gceantair thuaithe eile, le cur sa gcomhaireamh anseo. Ina dhiaidh sin féin, is i mBóthar na Trá den chuid is mó a bheidh Ceannfort Chonamara.

  21. #1760781

    Is deacair glacadh leis gur mionlach é grúpa atá chomh líonmhar sin, ach is é sin díreach atá i gceist leis na Dalit san India, tír a bhfuil breis is billiún duine beo inti, agus is mionlach iad na Dalit a bhfuil an chos ar bolg is an cur faoi chois is measa amuigh á fhulaingt acu le sinsearacht.

  22. #1832365

    Léiriú air seo is ea gur ‘feu’ nó buanléas talún a bhronn Caimbéalaigh Earra-Ghaidheal ar a gcuid filí áit a mbeadh file cúirte ag súil le talamh saor ó chíos a bheith bronnta air le sinsearacht.

  23. #1041476

    Suíomh ársa San ionad sin, is féidir le duine siúl thart ar shuíomh atá snasta, sciomartha, coisricthe ag cosa na bhfíréan le sinsearacht, nó nach ndeirtear go raibh Mainistir nó Eaglais ar an láthair sin i bhfad sular tógadh Eaglais Ollmhór na Deastógála, a chéaduair.

  24. #1051876

    Choinnigh an tír an teanga Chuaigh an teanga i léig i measc daoine sna Contaethe sin san idirlinn, ach má chuaigh fhéin, ní dhearna na cnoic ná na gleannta, na haibhneacha ná na locha, na páirceanna nó na dúichí dearmad ar an teanga as ar ainmníodh iad le sinsearacht.

  25. #1408224

    Seo mar a chuireann seisean tús lena léacht: “I measc an tseanchais a thóg Robin Flower síos ó Thomás Ó Criomhthain, agus a cuireadh i gcló, i ndiaidh a bháis, sa chnuasach Seanchas ón Oileán Thiar, tá cuntas ar thubaist farraige a thit amach taobh leis an mBlascaod Mór, amach ón áit a nglaotar an Leaca Dhubhach air.” Agus bíodh nach raibh dáta, nó tréimhse fiú, na tubaiste sin le fáil ó fhoinse ar bith, is soiléir go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór ar mhuintir an Oileáin agus na Mórthíre timpeall, sa chaoi gur ainmníodh An Leaca Dhubhach ar an ionad sin, le sinsearacht.

  26. #1422824

    Agus Leopold Bloom Joyce ag machnamh ar an mbás, deir sé: Cuid de mhóitíf uilechoitianta an ubi sunt is ea an sampla seo a leanas: Is i PnamB, áfach, is tuisce a fhaighimid leagan fileata den ubi sunt áirithe seo, agus is diol suntais gur iontuigthe as gur sagart a thion- taigh an bhunfhoinse Laidine go Gaeilge, rud a b'fhéidir a thaispeáint, creidim, faoi chuid mhaith de litríocht na gaoise san 17ú haois: Parliament na mBan Tráchtas ar na suáilcí agus ar na duáilcí, seánra a bhfuil sinsearacht fhada laistiar de i dtraidisiún na caiticéise is ea PnamB agus is as na foinsí comónta seanmóireachta, fáiscthe as taithí laethúil an duine, don chuid is mó, atá a húdar agus údar an FM ag tarrac.