Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

11 toradh in 7 ndoiciméad

  1. #884953

    I mo chás féin, thug sé boladh an mharla ar ais i mo pholláirí agus chuala arís an scríobadh géar gránna a déantaí uaireanta ar shlinn, agus an bhéic a dhein garsún ag gearán a chomhscoláire leis an múinteoir: ‘Féach é seo anso ag caitheamh seilí ar an slinn.’ Bhíodh ár gcaitheamh aimsire féin againn leis, neamhspleách ar an seomra ranga agus tá cur síos maith ag Maidhc ar na cluichí liathróide a bhíodh á n-imirt ar an mbóthar — cad é fuirse agus bulcáil, agus uisce á raideadh againn de dhroim a chéile, dá ráineodh an liathróid a bheith istigh in aon log uisce ar an mbóthar.