#143029
Chuir siad béal na bpíobán isteach san umar agus thosaigh an t-uisce ag sruthlú.
Chuir siad béal na bpíobán isteach san umar agus thosaigh an t-uisce ag sruthlú.
Ba in 2007 a thosaigh Netflix le sruthlú mar shampla.
Tá cruas éigin ag baint leo, deimhne éigin nach mbaineann le sruthlú scaoilte an tsaoil.
Ba chóir dúinn stad a chur le bheith ag sruthlú airgead na nGael síos an leithreas.
Bíonn sé ina bhriathar acu chomh maith: 'llifo' = sruthlú, nó doirteadh.
Ligim dó sruthlú timpeall im’ aigne.
Tá teacht ar an sruthlú beo ó bhothán mhuintir Corkery ar Facebook/ Leah Corkery.
Chomh maith leis sin d’airigh sí boladh na habhann, ag sruthlú taobh thiar de na crainn mhóra ag bun an ghairdín.
Ach, de réir a chéile, chuir an dufair í féin in iúl dá chluasa: giolcadh éan, dordán feithidí, sruthlú sruthán, drúcht sa chré thais.
Óir, an leanbh ina aice, bhí sé gealchraicneach, gormshúileach, uaithneshmugach agus bhí fuil Airíoch gan smál (deimhnithe ag an bpéas morálta) ag sruthlú trína chuisleanna.
Mar sin féin, bhí gaoth fhuar nua le braistint ag eagraíochtaí na Gaeilge ag sruthlú agus ag srathnú ó gach aird le tamall maith roimhe sin.
Tá cad é bús le cúpla lá faoi The Keepers, sraith faisnéise nua le Netflix a bheidh á sruthlú an mhí seo chugainn.
Nó an ndéarfá leat féin nach fiú a bheith ag léirsiú níos mó; lig don domhan dul síos an leithreas, tabhair sruthlú maith dó agus sin sin.
Níl aon neart ag imreoirí cispheile ar a ngéaga fada, agus níl aon neart ach oiread ag Caster Semenya ar na hormóin atá ag sruthlú go nádúrtha ina corp.
Is mian leis bosca fíorúil a chruthú ina mbeidh na bunadaimh ag sruthlú timpeall, bosca ar a nglaonn sé Evogrid.
Ní smaointe sona a shocraigh sruthlú tríom le linn na mbabhtaí dianmhachnaimh seo ach smaointe fánacha faoi chúrsaí airgid, fadhbanna maorlathais nó go deimhin faoin bpian i mo chosa agus i mo thóin.
Cithfholcadh te an chéad chéim, an lóis a chur ort le do láimh agus tú a chuimilt i gciorcail, na lámha a ní láithreach, fanacht 3 nóiméad go díreach, an farasbarr lóis a bhaint díot le sruthlú sa chithfholcadh agus tú féin a thriomú.
Nuair a bhíodh roinnt níocháin déanta ag an tseanbhean sin agus í ag sruthlú an éadaigh, ‘it’s the rinsin’ that gets the dirt out!’ a deireadh sí le Mairéad.
Mar a bpáirceálaidís bhí bialann an Canton Cottage, teanga na Síne ag sruthlú trí fhuinneog na cistine ar a chúl, cócairí ag gearradh agus ag giobadh, ag sceanartaíl agus ag scumhadh le matóga agus le sceana, ar nós gur ar imeall foraoise a bheidís ag teascadh rompu, an monsún ag doirteadh sa mhullach orthu.
Chuireadh sé an t-am ina thámh; samlaíodh dó an saol lasmuigh ag sruthlú thart agus an duine is tríocha sa seomra reoite sa mhóimint ama a ghabh thart, ar nós na bhfíricí faoi thionsclaíocht Malmö ina théacsleabhar, fíricí a bhí fíor deich mbliana ó shin.
Ar an deireadh seachtaine seo caite, chonaic muid cuisle na hÉireann, í ag sruthlú go bródúil arís, tar éis beagnach deich mbliana de dhaoine bheith ag mothú faoi chois ag an eacnamaíocht agus gach a bhaineann le lag trá.
Is annamh ar chaoi ar bith nuair a fhoilsítear leabhar amháin liom nach mbíonn ceann úr ar na bacáin agam agus an dóchas ag sruthlú ionam fiú murar thaithnigh an ceann deiridh le daoine nárbh amhlaidh leis an gceann nua ar ball.” Mar sin féin, nach doiligh don scríbhneoir misneach a choinneáil?
Tar éis an chéad lúb eile nocht toirt chearnógach í féin, a cruth ag teacht i bhfócas agus ag dlúthú, a forfhallaí uaibhreacha idir an breathnóir agus léas, gathanna solais ag saighdeadh an aeir, amhail claimhte tarraingthe as truaill, ag tabhairt dath an fhéir ghlais ar phéirsí den bhfaiche os a chomhair, néalta deataigh móna agus giúise ag sruthlú as simné an phroinnseomra, rósta ar bheara – muca allta, éanlaith, carria, caoireoil; meacain agus glasraí á mbeiriú, táirgthe sna tailte méithe, saothraithe ag na híochtaráin ar imeall na coillearnaí.
Le cois na ndea-nósanna a múineadh dom féin agus don chuid is mó de na páistí Meiriceánacha eile a raibh aithne agam orthu - ag rá go raibh brón ort, ag scríobh nótaí buíochais, ag féachaint an dá threo roimh dhul trasna na sráide, ag athrú do chuid fo-éadaí gach lá, agus ag sruthlú an leithris *gach *uair a d'úsáid tú é - cothaíodh an tírghrá ionainn chomh maith.
An sprioc atá ag an tsraith trí chlár Fear City (le sruthlú ar Netlflix) ná cuntas a thabhairt ar thréimhse chinniúnach sna hochtóidí nuair a thosaigh an bhróg ag teannadh ar an gcoiriúlacht eagraithe.
Siad an Comhlacht Cumarsaide Eir, priomh urraithe Fhéile na bliana seo, agus úsáidfear an pháirtnéireacht leo san, chun sruthlú beo náisiúnta agus idirnáisiúnta a dheanamh ar chuid acu seo a chuirfidh chun stáitse, agus iad a roinnt le lucht éisteachta ar na meáin soisialta.
Ní hionann sin is a rá go gcaithfear gach uile rud a athrú de réir puth gaoithe na linne láithrí, ach uaireanta bíonn an ráiteas poiblí chomh tarcaisneach sin, nó an chúis a sheasann sé dó beo fós agus an nimh ag sruthlú tríd an bpobal i gcónaí dá dheasca.
Moltar do dhaoine freisin gan iad féin a níochán leis an uisce, ná a úsáid in innill níocháin soitheach agus aon leac oighir atá acu a chaitheamh amach. Tuigtear gur tugadh an truailliú faoi deara Déardaoin seo caite agus tá dabhcha uisce curtha ar fáil do dhaoine san eastát a bhfuil thart ar 75 teach ann. Deir Uisce Éireann go bhfuil foinse an truaillithe aimsithe anois agus go bhfuil sruthlú ar bun féachaint le fáil réidh leis.
Lig an Súilleabhánach don teanga sruthlú le smaointe comhfhiosacha agus le sruthanna comhfheasa Louis – leanann an prós snítheach a phátrún corraitheach smaointeoireachta go dlúth: D’fhéach tríd an haiste isteach sa chistin.
Sásamh ar son sásaimh gan dabht agus é a scaipeadh máguaird Le míorúilt an mhaidneachain, dúiseacht an dúlra, corraíl na n-ainmhithe agus sruthlú an daonnaí fearann sí fáilte croíúil rompu gach maidin an tráth seo bliana.
An Fuaimlios Agus na smaointe seo uilig ag sruthlú tríd mo cheann cheapas go mbeadh sé go hálainn gléas éigin a bheith ann ina mbeadh muid in ann luí nó suí go compórdach agus go dtabharfaí suthaireacht fuaime dúinn!
Díol Arramara Socróidh Comhchoiste na gCuntas Poiblí inniu ar cheart feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais os a gcomhair arís le ceisteanna a fhreagairt faoin socrú rúndachta a rinneadh nuair a díoladh Arramara Teoranta leis an gcomhlacht Acadian Seaplants as Ceanada. Pléifidh baill an choiste an t-eolas a fuair Tuairisic.ie faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise a thaispeáin go gcoinneofar an margadh a rinneadh faoi dhíol Arramara faoi rún ar feadh 10 mbliana agus go bhféadfadh ceisteanna tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá gcuirfí ar fáil aon eolas a rinneadh faoin gcomhaontú. Nuair a bhí lucht an Údaráis os comhair an choiste cheana i mí Dheireadh Fómhair seo caite, ní raibh siad sásta a inseacht céard a d'íoc Acadian Seaplants ar an gcomhlacht Arramara. Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais, an Teachta Dála John McGuinness gur cheart go mbeidís ar an eolas faoin tsuim airgid a bhain leis an margadh a rinneadh faoi Arramara, féachaint an bhfuair an cáiníocóir luach a gcuid airgid ar dhíol an chomhlachta feamainne. Uisce Truaillithe Tá sé ráite le daoine in eastát tithíochta in iarthar chathair na Gaillimhe gan an t-uisce a ól mar go bhfuil ceirisín faighte ann.Tá Uisce Éireann agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag moladh do dhaoine atá ina gcónaí i bPáirc Mhaigh Sheola gan an soláthar poiblí a ól, ná a úsáid i níochán fiacla, ná i réiteach beatha. Táthar ag moladh dóibh freisin gan iad féin a níochán leis an uisce, ná a úsáid in innill níocháin soitheach agus aon leac oighir atá acu a chaitheamh amach. Tuigtear gur tugadh an truailliú faoi deara Déardaoin seo caite agus tá dabhchanna uisce á gcur ar fáil san eastát ina bhfuil thart ar 75 teach. Dúirt Uisce Éireann go bhfuil foinse an truaillithe aimsithe acu agus go bhfuil sruthlú ar bun féachaint le fáil réidh leis.