#165809
Cad is brí le teastas breithe mar sin?
Cad is brí le teastas breithe mar sin?
Seanphictiúr, fáinne agus bata cuimhne ar a bhfuil teastas breithe.
Dúradh sa chúirt go bhfuil rún ag an Rialtas na dlíthe cuí a achtú an bhliain seo chugainn a ligfeadh do Lydia Foy teastas breithe nua a fháil. Tá teastas breithe nua agus aitheantas oifigiúil dá hinscne bhaineann á lorg ag Lydia Foy le breis is 20 bliain.
Aon fhear a raibh iníon leis ina theannta, nó cailín ar bith eile, níor mhór dó teastas breithe a bheith aige di.
Nuair a rugadh an cúpla, dhiúltaigh an Cláraitheoir ainm na mná a chur mar mháthair ar an teastas breithe.
Agus mura bhfuil teastas breithe agat, ní féidir an náisiúntacht atá i do chroí a dheimhniú go hoifigiúil.
Is féidir leat ceadúnas tiomána a fháil agus d’ainm air i nGaeilge, fiú má tá d’ainm i mBéarla ar an teastas breithe.
Catherine a mháthair, .‘Gray’ sloinne na máthar, dar le DIB ach ‘Ray’atá sa teastas breithe.
De réir teastas breithe an Margaret Hannigan a rugadh san áit sin ba shiúinéir a hathair Michael Hannigan agus ba í Mary Murray a máthair.
Ní bheimid ag féachaint ar an teastas breithe, ní bheimid ag iarraidh fáil amach cén aois atá siad,” a deir Fitzmaurice.
"Ní miste do dhaoine atá faoi bhun bliain is fiche d'aois teastas breithe nó cárta aitheantais a iompar thart leo feasta mar chruthú ar a n-aois.
**Sloinnte a ath-Ghaelú:** Go dtabharfaí deis do dhaoine ar feadh tréimhse 6 mhí, an sloinne oifigiúil atá acu de réir Teastas Breithe/Chlóichead – pas - a athrú go sloinne i nGaeilge.
Chaith siad an samhradh anuraidh ag ceistiú teastas breithe an Uachtaráin Obama go callóideach (agus de cheal aon scéal eile, thug na meáin raidhse poiblíochta dóibh).
Ach tá teastas breithe s'aici feicthe agam, sínithe ag Ardeaspag Ard Mhacha, James Ussher, a deir go sóiléir gur rugadh í oíche Shathairn 22 Deireadh Fómhair 4004 RC.
Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh sí go gcuirtear constaicí sa bhealach ar na daoine sin gach uair a fhéachann siad le teacht ar a gcuid teastas breithe.
Cuideofar leo teacht ar a gcuid teastas breithe agus cuirfear cárta leighis breisithe ar fáil dóibh, a dúirt sé.
Ní raibh tásc na tuairisc ar theastas breithe Chiaráin Uí Fheinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga, nuair a rinne sé iarracht teacht ar an teastas breithe ar bhunachar leictreonach na roinne.
Ar ndóigh, shocraigh mé nuair a bhí mé níos sine gurb é an chúis le teastas breithe ná a thaispeáint cá háit ar tháinig tú ar an saol, agus cathain, agus – seo an rud is tábhachtaí – cé leis tú.
Rinneadh gearán leis an Iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin seacht mbliana ó shin gur chuir an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh in iúl i scríbhinn do ghearánach nach raibh ar chumas an chórais ionchurtha sonraí le haghaidh liúntais leanaí an síneadh fada a láimhseáil agus, mar sin, nárbh fhéidir ainm pháiste an ghearánaigh a chlárú mar a bhí sé ar an teastas breithe.
“I measc na rudaí atá sa bhille anois, nach raibh ann anuraidh, ná an ceart a bheith ag saoránach leagan Gaeilge dá ainm a úsáid agus leagan Gaeilge dá sheoladh a úsáid, beag beann ar an leagan atá ar an teastas breithe.
Seo é an t-eolas atá sa teastas breithe: gur rugadh é ar 27 Meán Fómhair 1904 faoin ainm Thomas Joseph Melia, gurbh é 5 Bucknall New Road, Hanley, Staffordshire, an seoladh bhí ag a thuismitheoirí, John Melia, ‘builder’s labourer’, agus Ellen Elizabeth Maley.
Is in Bellevue, Deilgne, a rugadh a deirfiúr Mona Teresa ar 26 Feabhra 1911; sa teastas breithe cuireadh síos go mba iarsháirsint de chuid an RIC a hathair Michael agus gurbh in Bellevue a bhí cónaí air um an taca sin.
Maíonn na tuismitheoirí comhghnéis freisin nach bhfreastalaíonn an reachtaíocht nua ar na riachtanais ar fad atá acu. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, nuair a bhíonn páiste ag lánúin leispiach, aerach, dhéghnéasach nó thrasinscneach, ní féidir ach ainm tuismitheora amháin a chur ar an teastas breithe.
Is minic a bhíonn fonn ar dhaoine an leagan Gaeilge dá n-ainm nó dá sloinne a úsáid go hoifigiúil ach go mbíonn amhras nó éiginnteacht orthu faoin bpróiseas.Fadó, bhí glacadh níos forleithne leis an athrú ainm agus níor ghá mórán a dhéanamh ach cur isteach ar an bpas faoin ainm Gaeilge agus a rá le hOifig na bPasanna go bhfuil leagan eile den ainm ar an teastas breithe.
Ní féidir a mhaíomh nach n-iarrfar teastas breithe nó cárta aitheantais ort sna háiteanna seo a leanas, ach is fiú an iarracht a dhéanamh ar dtús clárú leo i nGaeilge: an leabharlann; cumann spóirt; an dochtúir/fiaclóir; spórtlann; club leabhar nó club siamsaíochta eile; coiste pobail, ceardchumann; páirtí polaitíochta; seirbhísí tí ar nós fón, idirlíon, gás, agus leictreachas; árachas cairr agus mótarcháin; coinní leis an ngruagaire nó an sciamheolaí; agus áirithintí i mbialanna agus a leithéid.
Deir gníomhaí aitheanta Gaeilge, ar aistríodh a shloinne Gaeilge go Béarla ar bhunachar teastas breithe na Roinne Coimirce Sóisialaí, go bhfuil "beag is fiú" á dhéanamh de phobal na Gaeilge ag an státchóras.
Tá Conradh na Gaeilge le cuairt a thabhairt ar an Phríomh-Oifig Chlárúcháin chun a thuilleadh eolais a lorg faoin scéal gur aistríodh sloinne an ghníomhaí teanga aitheanta, Ciarán Ó Feinneadha, go Béarla ar chóras cláraithe teastas breithe an stáit.