#401690
Tá an méid sin leasaithe anois agus an téacs seo a leanas curtha leis an bhfógra conartha ar an suíomh etenders.gov.ie: “Tenders may be submitted in either the English or Irish language“ as per the Request for Tender Document.” Ba í an Oifig um Sholáthar Rialtais ‘thar ceann’ an Aire Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta, a thug an cuireadh chun tairiscintí don chonradh nua ar an suíomh etenders.ie Dé hAoine seo caite.