#1096126
Sa chiall seo, is féidir linn an Caoineadh a shainiú mar ‘texte scriptible’ i mbéarlagar Roland Barthes, seachas ‘texte lisible’.
Sa chiall seo, is féidir linn an Caoineadh a shainiú mar ‘texte scriptible’ i mbéarlagar Roland Barthes, seachas ‘texte lisible’.
Leanann sé an cur chuige céanna den chuid is mó ó aiste go chéile, mar atá, léamh croineolaíoch ó chnuasach go chéile ar shaothar na bhfilí agus taobh istigh den fhráma sin arís, léamh, miúin nó explication de texte ar dhánta aonair a n-éiríonn leis go minic dul go feirc iontu mar ráitis aeistéiticiúla neamhspleácha.
Go deimhin, nuair a scríobh mé féin aiste agus mé sa dara bliain ar an dán álainn sin ‘Cumhthach labhras an lonsa’ atá in Irish Syllabic Poetry (Knott 1994: 29-30) ar anailís liteartha a bhí ann ar an téacs ag tarraingt ar mhodhanna critice an explication de texte a bhí muid a fhoghlaim ar ár gcúrsa Fraincise ag an am, dúirt an léachtóir liom gan fiacail a chur ann ‘nach bhfeileann machnamh den chineál sin don Ghaeilge’!