#1569599
Tá Gardaí in iarthar na tíre ag iarraidh ar úinéirí carranna a bheith ar a n-airdeall mar go bhfuil páirt luachmhar á goid astu sa réigiún. An tiontaire catalaíoch as carranna den déanamh Toyota Prius is mó, is cosúil, a bhfuil gadaithe sa tóir orthu. D’fhág Eileen Seoighe a Prius féin i gcarrchlós i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe Dé hAoine seo caite fad is a bhí sí ag siopadóireacht.