Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

38 toradh in 31 doiciméad

  1. #1994331

    Léirigh leithéidí Mhicheál Martin, Bertie Ahern agus Leo Varadkar bá le 'Teagasc Mallon' - tuairim a léirigh iar-leascheannaire an SDLP Séamus Mallon sula bhfuair sé bás nuair a dúirt sé gur cheart go mbeadh 'toiliú comhuaineach' ann roimh aon Éire Aontaithe - is é sin le rá toiliú na n-aontachtaithe chomh maith le toiliú náisiúnaithe.

  2. #892896

    Má chruthaítear caidreamh collaí agus easpa toilithe, a dúirt sé, ba cheart don ghiúré an riocht intinne ina raibh an fear cúisithe san am sin a mheas.  Dúirt an Breitheamh gurb í an ghné mheabhrach de choir an éignithe gurbh eol don fhear nach raibh an bhean ag toiliú caidreamh collaí a bheith aici leis, sin nó go raibh sé meargánta maidir lena toiliú a bheith nó gan a bheith tugtha aici.

  3. #1284505

    Uaireanta fágann éalang, neamh-mheabhair, tinneas, druga, codladh, mearbhall nó aois nach bhfuil an duine in ann toiliú.

  4. #640698

    D’éirigh le bainisteoir Ghael-Linn i gCorcaigh, Pádraig Tyers, a áiteamh ar laoch na hiomána Christy Ring toiliú na scileanna iomána a léiriú ar an scannán, rud a chuir iontas ar a lán mar ba dhuine é Ring a sheachain na meáin chumarsáide.

  5. #670144

    Ní meascán idir Cháin agus Ábal atá i gceist, ach an t-éacht a meabhraíodh do Iávé nuair a tuigeadh dó go mbeadh fáil in aisce air féin de bharr mhóruaisleacht Iób tar éis a fhulaing sé dá bharr, sa tslí gur chaith sé toiliú lena aonmhac féin a chur ar talamh i gcrot an duine sula n-éireofaí as a leithéid de thíoránach a adhradh.

  6. #764620

    Tá feabhas áirithe ar an rialachas teanga sin ó tháinig ann d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 toisc go bhfuil scéimeanna teanga i bhfeidhm ag na ranna sin, agus go bhfuil dualgas ar gach comhlacht poiblí a chinntiú 'go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta' agus 'a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire' (Alt 11 (2) (d) agus (e)).

  7. #887901

    Maidir le Suárez, d’áitigh seisean nár ghá toiliú na ndaoine go léir a bheith leis dá mbeifí chun forghabhálaí a dhíbirt; agus fiú i gcás an rí chirt a d’iompódh ina thíoránach, bheadh ceart ag an dílseánach é féin a chosaint air.

  8. #1093977

    Thug na cailíní araon fianaise, ach dob í fianaise Anne Byrne, deirfiúr le Garret agus comhfhuadaitheoir leis, a chinntigh go dtabharfaí breith in aghaidh na bhfear: shíl sí go gcruthódh litir a chuir sí ar fáil go raibh na cailíní i ndiaidh toiliú dá bpóstaí, ach nuair a chroscheistíodh í, bhí uirthi admháil gurbh í féin a rinne an litir a bhrionnú.

  9. #1620122

    Ag deireadh na oíche, a dúirt sí, bhí sí ar meisce agus is ar éigean a bhí sí ábalta siúl abhaile dá bharr.  Dúirt sí go raibh an bheirt fhear i ngluaisteán agus gur thairg siad síob di. Thug siad go hárasán í agus thairg siad deoch di, a dúirt sí.  Dúirt sí gur cuimhin léi a bheith ina luí ar leaba agus gurb in an uair a d'éignigh na fir í.  Dúirt sí go raibh sí "caochta dall" agus nach bhféadfadh sí toiliú le caidreamh collaí.

  10. #1813906

    Tharla go raibh an clár a bhí an mhórchuid de dhaoine a mholadh mar léargas réadúil, nuálach agus folláin ar ghnéas, toiliú agus ar shaol an duine óig, beagáinín conspóideach le gnáth-éisteoirí Liveline, agus thosaigh racán idir na rannpháirtithe agus Joe, ag cruthú píosa raidió ar chóir a bheith curtha i scrín agus caomhnaithe ar feadh na gcéadta blianta, le taispeáint do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh mar shampla de staid mheabhrach an phobail agus muid glasáilte inár dtithe ar feadh mí go leith in 2020.

  11. #1856759

    Agus mná chomh maith céanna le fir.’ Ní hé gach aon Éireannach ná Gael féin a bheadh sásta toiliú leis an léamh sin orainn, óir níor imigh na haontachtóirí ina gcroí ná ina n-anam tá’s agat, agus ní hé gach aon idéalaí a éarfadh gur baineadh an aisling amach.

  12. #263988

    D'inis sí do na Gardaí faoi fhear a fheiscint dhá bhabhta ach choinnigh sí an tríú babhta anaithnid mar nár theastaigh uaithi go bhfaigheadh a fear céile amach cá raibh sí.  Dúirt na Gardaí léi áfach go raibh fhios acu gurb í a ghlaoigh go hanaithnid ach nach n-inseodh siad aon ní dá fear céile.  Thoiligh sí an ráiteas a shíniú mar go raibh sí buartha go bhfaigheadh a fear céile amach agus gur cheap sí go gcuirfeadh a toiliú deireadh leis an scéal.  Shínigh sí suas le hocht leathanach lom san iomlán.  Dúirt sí freisin gur tugadh barrántas di nach nglacfadh na Gardaí cás in aghaidh a fir chéile faoi árachas gluaisteáin.  Tá Marie Farrell ag tabhairt fianaise i gcás dlí atá á chur ag Ian Bailey ar an Stát agus ar Ghardaí ar chúis gur gabhadh go héagórach é faoi dhúnmharú Sophie Tuscan Du Plantier i mí na Nollag 1996 in iarthar Chorcaí.  Séanann an Stát na líomhaintí.

  13. #753883

    Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir atá le héirí as ag deireadh na míosa seo chugainn.  D'fhógair TG4 tráthnóna go raibh 'an toiliú Rialtais is gá go reachtúil don cheapachán seo faighte' acu.  Tá Alan Esslemont ina Cheannaire Ábhair faoi láthair ar an gcainéal teilifíse Gàidhlige BBC Alba.  Is as an Bràigh Mhàrr in Albain ó dhúchas d'Alan Esslemont agus tá sé ag obair in earnáil na teilifíse ó na hochtóidí.  Bhí sé ar dhuine de na chéad fhostaithe i dTelegael, an comhlacht léiriúcháin agus iarléiriúcháin sa Spidéál, Co na Gaillimhe.  Ina dhiaidh sin, ceapadh é ar ardbhainistíocht Theilifís na Gaeilge nuair a bunaíodh í i 1996.  Bhí sé ar dhuine de na bainisteoirí a bhunaigh BBC Alba in 2008.  Dúirt Cathaoirleach TG4 Siún Ní Raghallaigh go raibh an t-ádh ar TG4 duine chomh cumasach le Alan Esslemont a bheith ar fáil.

  14. #1362325

    Ní bheidh, mar sin, ach an cheist chasta seo a leanas ar an bpáipéar vótála: ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite?’ I ndiaidh na ceiste sin, beidh na focail seo a leanas ‘An Bille um an Séú Leasú ar an mBunreacht’, agus treoir go gcuirfí X in aice le ‘TÁ’ má thoilíonn tú leis an leasú, nó X in aice le ‘NÍL’ mura dtoilíonn.

  15. #397936

    Seán Guerin, Abhcóide Dúirt sé leis an Dáil go raibh fhios ag cách i láthair gur éirigh an t-iar-Aire Dlí Alan Shatter as a chúram Aireachta i ndiaidh foilsiú na tuairisce an abhcóide Seán Guerin i 2014.  Alan Shatter, iar-Aire Dlí & Cirt Dúirt an Taoiseach go raibh sé sásta a admháil go bhfuair tuairisc O'Higgins go ndearna Shatter gach ní mar ba chóir dó le linn dó bheith ag láimhseáil na líomhaintí a bhí déanta ag an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe.  An sceithire Sáirsint Maurice McCabe Dá thoradh, lean an Taoiseach le rá go raibh sé sásta toiliú d'iarratas an iar-Aire Dlí agus Cirt agus taifead na Dála ón 7ú Bealtaine 2014 a cheartú.