Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

10 dtoradh in 8 ndoiciméad

  1. #1133213

    Bhí beartaithe ag Micheál imirce a dhéanamh, tharla a dheartháir Searlaí a bheith ag mianadóireacht óir in Kalgoorlie na hAstráile agus é sásta íoc as an turas amach.

  2. #811576

    Is leor a lua ag an bpointe seo gur leagan amach sách teoranta é seo ar scéal na himirce – fiú amháin sa chomhthéacs comhaimseartha – sa mhéid go gcuireann sé in iúl gur rud toildeonach i gcónaí é an turas amach ó do thír nó ó do chultúr féin agus an teagmháil le cultúir eile a leanann é. Ní féidir glacadh leis gur mar sin a bhíonn, áfach, agus is é an rud a dhealaíonn an cineál gluaiseachta atá i gceist ag Kearney thuas agus an cineál díláithrithe a d’fhulaing Mac Grianna agus Ó Direáin ná gné na deonachta den fheiniméan.

  3. #1045531

    Thug Nóirín agus Bríd geallúint di go dtabharfaidís turas amach chun na hAstráile chuici, chomh luath is a d’fhéadfaidís, chun go ndéanfaidís comóradh cuí i gcuimhne a máthar i bhfocair a chéile.

  4. #1045547

    Theastaigh uaithi a saol a chaitheamh ag gabháil do cheird an phéintéara, agus ba bhreá léi freisin an casúr mór agus na siséil, ‘chun fuascailt a thabhairt do na cloigne’ a deireadh sí, a ‘bhíodh i bhfolach istigh sna galláin.’ Níor chuir an turas fada abhaile as do Nóirín faoi mar a chuir an turas amach.