#1171074
Tá roinnt imeachtaí ar bun sa taobh seo tíre mar chuid de Fhéile Bia na Gaillimhe a thosaigh ar maidin agus a leanfaidh go dtí an Luan. Cé gur sa bhaile mór is mó bheidh imeachtaí na féile ar bun, tá roinnt acu dhá reachtáil sa Spidéal agus i mBearna - idir thurais iascaireachta agus siúlóidí chomh maith le rogha beatha mara agus beatha traidisiúnta a bheith ar fáil sna laethanta seo romhainn. Maidin amárach, ag a 11, beidh an scipéir & an cócaire Caoimhín MacGabhann ag reachtáil turas iascaireachta ina bhád féin - amach ón gCéibh Nua sa Spidéal agus beidh deis an t-iasc a mharófar ar an turas á réiteach ar bord an bháid.