Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #1930330

    Chuaigh Dick Sullivan ón dTrá Mhór, a bhí 8 mbliana is leathchéad, dtín ospidéal ar an 10ú lá den mhí seo caite agus é ag gearán ar phianta ina ucht.  Deir a theaghlach gur cuireadh cóir leighis air i bpasáiste san ospidéal, tugadh frithbheathaigh do agus cuireadh abhaile é.  Cailleadh é an tráthnóna céanna aige baile.  Deir Údaráis an ospidéil nach féidir leo trácht ar chásanna ar leith, ach go bhfuil athbhreithniú tosnaithe acu fén scéal.  Aerfort Chorcaí Ghabh os cionn dhá mhilliún paisinéir tríd aerfort Chorcaí go dtí seo i mbliana, sin ardú 9% ar an dtréimhse céanna anuraidh.  Tugtar an méid sin le fios i bhfigiúir don gcéad trí ráithe den mbliain, atá eisithe ag an Aerfort inniu.  Deirtear sa ráiteas go bhfuil an chuma ar an scéal go ngeobhaidh 2.6 milliún duine tríd aerfort Chorcaí i mbliana, sin 25% sa bhreis ar fhigiúr na bliana 2015.  Tugtar le fios chomh maith, go mbeidh na comhlachtaí Swiss agus Tui ag cuir breis eitiltí ar fáil ó Aerfort Chorcaí an bhliain seo chughainn.  Turtar ceannramharturtar ceannramhar ag teacht chuici féin in Ionad Mara Beo sa Daingean, tar éis di teacht i dtír i gCo na Gaillimhe, agus í leathmharbh roinnt seachtainí ó shin.  Fuaireadh an turtairín agus í leata den bhfuacht ar chladach in aice leis an gClochán sa Ghaillimh trí seachtain ó shin.