#1134523
Fágadh maol é dá dheasca agus chuir sé ceathrúna chuig an Athair Seosamh Mac Cairteáin agus Tomás de Barra agus d'iarr iasacht peiriúice orthu ('Is níor mhór dhom seana-wig sealad mar scáth dom' phlaosc'; 'Do gheallais dom bán-wig álainn d'oirfeadh dom' chluais, / Ó scaipeadh chun fáin gan fagháil gach ribe dhem' ghruaig').