#1371448
Dúirt Clare Coastal Wind Power inniu go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar an gcás.
Dúirt Clare Coastal Wind Power inniu go ndéanfaidh siad athbhreithniú ar an gcás.
Bhí Donald Trump ag cur i gcoinnibh iarratais a bhí déanta ag Clare Coastal Wind Power feirm gaoithe a thógaint in aice le hóstán atá aige sa Dún Beag.
Is iad an comhlacht SIEMENS WIND POWER AND RENEWABLES a bhfuil a gceanncheathrú sa nGearmáin a chuirfidh 22 tuirbín gaoithe ar fáil do chuid a haon den tionscnamh ar a dtugtar "Feilm Ghaoithe na Gaillimhe" atá gar de Mhaigh Cuilinn. Comhfhiontar atá anseo idir SSE AIRTRICITY agus Coillte ina bhfuiltear le €240m a infheistiú ann agus tógfaidh sé suas le dhá bhliain agus ráithe na 69 tuirbín ar fad a thógáil. 101 méadar ar fhad a bheidh na lanaí ar na chéad tuirbíní a fheisteofar ansin; - 64 MegaWatt cumhachta atá luaite le cuid a haon den fheilm, ceaptar go mbeidh coimisiúniú á dhéanamh ar fhuinneamh na gaoithe aisti go luath sa mbliain 2017 agus go gcuirfidh an chéad chuid den togra cumhacht aibhléise ar fáil do 33,000 teaghlach.