#775169
Dob fhéidir, mar shampla, samhlacha tipiciúla ó fhilíocht de Paor a chur i gcomparáid lena leithéid seo de chur síos ar uaireadóir, ar chlog agus ar ghuthán, faoi seach, ón dán a thug a theideal don mhionghluaiseacht Bhéarla, ‘A Martian Sends a Postcard Home’ le Craig Raine: ‘Time is tied to the wrist,/ or kept in a box, ticking with impatience.// In homes, a haunted apparatus sleeps,/ that snores when you pick it up.’ Tá filíocht an Phaoraigh breac le samhlacha atá ar aon dul, mórán, leis seo: