#1569511
Deimhnítear sa tuarascáil gur chuir saotharlann CPL in Austin, Texas líon suntasach den 300,000 tástáil as an tír seo chuig saotharlanna eile - i Haváí agus i bhFlorida mar shampla. Cé go ndeirtear sa tuarascáil gur saotharlanna iad seo a bhí aitheanta go hoifigiúil leis na tástálacha a dhéanamh, deirtear freisin gur cheart go mbeadh Cervical Check sa tír seo curtha ar an eolas i scríbhinn go raibh sé seo ag tarlú. Deir údar na tuarascála an Dr Gabriel Scally chomh maith gur baineadh leas as sé cinn déag de shaotharlanna seachaas sé cinn mar a tugadh le fios dó i dtosach.