#1365382
Théidís ag marú pollóg agus ag marú deargán agus ag marú ballach i gcomhair an gheimhridh.
Théidís ag marú pollóg agus ag marú deargán agus ag marú ballach i gcomhair an gheimhridh.
Maidir leis an deargán, tabhair faoi deara an stríoca bánbhuí atá os cionn an dá shúil agus an paiste donndearg faoina sciatháin aige.
Bhí ealta sacán agus deargán sneachta ar fud na páirce, agus iad ag eitilt uaim de réir mar a dhruideas leo.
Miasa deargán iasctha i Loch Lurgan, réitithe do chuallacht na mainistreach áitiúil a bhí ag déanamh tréanais is a d’fhan gan dáileadh orthu dá bharrsan.
Chuaigh Peigsa Rua de dhá choisméig agus léim go dtí Máire agus chaith sí di na pluideanna agus chrap sí na muinchillí go huillinneacha agus leag sí an laimpín Sacred Heart lena hais ar chathaoir agus, moladh go deo le Dia, bhí sé ansiúd, deargán beag de phlíoma mic.
Choisric Peigsa í fhéin agus bhuail sí lán a béil ar an deargán in aghaidh na n-ainspiorad agus na hanachaine le bail ó Dhia fliuch agus rinne sí an rud céanna le Máire.
Maidir leis na sceacha geala, ní bláthanna geala bána atá orthu anois ach caora dearga ar a dtugtar ‘sceachóirí.’ Taisce bia iad seo do na colúir choille, do na loin dhubha, do na smólaigh, do na druideanna agus go háirithe do na cuairteoirí geimhridh, an deargán sneachta agus an sacán a thagann chugainn le linn an tseaca.