#1916156
Is ionann seo agus ardú de 3.6%.
€245,000 an meánphraghas a bhí i gceist le teach a cheannacht i nGaillimh - sin ardú de bheagán ós cionn 2%.
Deir an REA, gur i mbailte beaga, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig méadú ar luach tithe.
Tionchar na Breatimeachta ar iascairí
Deir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed gurb iad na deacrachtaí móra a d'fhéadfadh a bheith roimh thionscail na hiascaireachta de bharr imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, nach mbeadh fáil ag iascairí ar limistéir áirithe farraige agus go bhféadfadh an Bhreatain árdú a iarraidh ar chuótaí éisc, agus gurb í an tír seo a bheadh siar leis.