Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

85 toradh in 68 doiciméad

  1. #1563414

    Tuairiscítear go raibh na gardaí ag coinneáil súil air le linn dó a bheith in Éirinn, mar go raibh amhras faoi go raibh sé báúil leis an Stát Ioslamach.

  2. #261604

    Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Barack Obama, nach n-éireodh le hantoiscigh Ioslamacha imeaglú a dhéanamh ar Mheiriceánaigh tar éis don eagraíocht, an Stát Ioslamach, iriseoir Meiriceánach a dhícheannú.  Thug an tUachtarán Obama le fios go mbéarfaí ar an dream a mharaigh Steven Sotloff luath nó mall.  Ag labhairt do san Eastóin, dúirt an tUachtarán Obama gur ghníomh uafáis a bhí sa mharú.

  3. #262071

    Vótáil móramh de theachtaí Pharlaimint na Breataine inniu i bhfábhar ionsaithe aeir a dhéanamh san Iaráic, ar mhílisteoirí ISIS, a thugann an Stát Ioslamach orthu féin.   Bhí díospóireacht éigeandála ar bun i dTeach na dTeachtaí i Londain ó mhaidin faoin ábhar.  Dúirt Príomhaire na Breataine David Cameron leis na feisirí parlaiminte gur chóir do aerfhórsa na Breataine  cabhrú leis na Stáit Aontaithe i dtaca le ruathair aeir a dhéanamh ar ISIS  san Iaráic.

  4. #265498

    Tá an grúpa sin ceangailte leis an Stát Ioslamach.  Tháinig Uachtarán na hÉigipte, Abdel Fattah Al-Sisi abhaile luath ó chomhdháil faoi Aontas na hAfraice atá ar bun san Aetóip mar gheall ar na hionsaithe.

  5. #265770

    Tá sé ráite ag an nGrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu fhéin gur maraíodh bean as Meiriceá a bhí coimeádta ina giall ag an nGrúpa IS 'sna hIonsaithe aeir a rinne aer-fhórsa na hIordáine i dTuaisceart na Siria inné.

  6. #280993

    Tuairiscítear gur maraíodh na dosaenacha in ionsaí aeir a rinne na Stáit Aontaithe ar champa traenála jiohádach san Libia.  Tuairiscítear gur maraíodh gníomhaire sinsearach de chuid an ghrúpa, An Stát Ioslamach, a bhí taobh thiar dos na hionsaithe sa Túinéis.

  7. #305102

    Cogadh siceolaíoch, go deimhin, atá á fhearadh ag an Stát Ioslamach ar an gcuid eile den domhan le bliain nó dhó anuas agus físeáin fhuilteacha á bhfoilsiú ar an idirlíon acu gach uair a chuireann siad duine dá ngialla chun báis ar bhealach brúidiúil.

  8. #365812

    Creideann an Rúis go bhfuil an Tuirc ag iarraidh an stát Ioslamach a chosaint, agus go deimhin, tá rialtas na Tuirce ag bagairt tréimhse saoil sa phríosún ar Can Dündar, iriseoir Turcach a léirigh fianaise go raibh an Tuirc ag soláthar armlóin don Stát Ioslamach.

  9. #365815

    Má tá fonn anois ar na Rúisigh deireadh a chur leis an Stát Ioslamach i dtreo is go mbeadh smacht acu ar uiscí teolaí na Mheánmhara thoir, cad a thabharfadh ar na Turcaigh cabhair a thabhairt don namhaid is mó atá tagtha ar an stáitse idirnáisiúnta le cuimhne na gcat?

  10. #397726

    Deir na meáin chumarsáide sa tSiria go raibh staisiúin bus i measc na n-áiteanna a díríodh orthu.  Tuairiscítear gur ionsaíodh ospidéal chomh maith.  Tá freagracht glactha ag an Stát Ioslamach as na hionsaithe.  Deir siad go raibh siad ag díriú ar lucht tacaíochta an Uachtaráin.

  11. #752088

    'Ní féidir linn bheith tarraingthe isteach i bpolaitíocht Daesh (An Stát Ioslamach, mar dhea), atá ag iarraidh daoine a chur in aghaidh a chéile', a dúirt Ardeaspag Phárais an Cairdinéal Andr Vingt-Trois.

  12. #891826

    Cuireadh tús inniu leis an dara lá den fheachtas ollmhór míleata atá ar bun féachaint leis an ghrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu féin a dhíbirt as Mosul.  Meastar nach mbeidh aon rogha ag suas le milliún sibhialtach ach teitheadh as an chathair.

  13. #891866

    Stáit Aontaithe Mheiriceá ag súil leis an Stát Ioslamach, mar a mhaíonn siad orthu féin, a dhul i muiniún na n-arm ceimiceacha mar fhreagra ar ionsaí ó fhórsaí na hIaráice ar chathair Mhosúl.

  14. #894828

    Cé nár mhaígh aon ghrúpa go fóill gurb iad ba chiontaí leis an bhuamáil ar maidin, mhaígh an grúpa an Stát Ioslamach gurb iad a bhí freagrach as eachtraí buamála sa chathair le déanaí, ionsaí Oíche Chinn Bhliana ina measc.

  15. #1292653

    Tá ionsaíthe den tseort seo déanta i Kabul le roinnt míosa anuas ag an Taliban agus ag an dream a thugann an Stát Ioslamach orthú féin ach níl freagracht glactha go fóill ag aon ghrúpa as an ionsaí seo.

  16. #1615405

    Chuaigh Lisa Smith as Dún Dealgan i gContae Lú ó dhúchas go dtí An tSiria trí bliana ó shin - le páirt a ghlacadh sa ngrúpa mílisteach ar a dtugtar an Stát Ioslamach.  Tuigtear gur thaisteal Lisa Smith go dtí an tSiria 3 bliana ó shin.

  17. #1621517

    Tá sé curtha i leith Lisa Smith, atá 37 bliain d'aois agus a bhí ina comhalta d'Óglaigh na hÉireann, go raibh sí gníomhach san eagraíocht sceimhlitheoireachta ar a dtugtar an Stát Ioslamach.

  18. #270766

    I ráiteas a d'eisigh an Stát Ioslamach ar an idirlíon deir sé gurb é a bhí freagrach as an ionsaí buamála i bpríomhchathair na hÉimíne, Sanaa aréir.Tuairiscítear gur maraíodh suas le 35 duine.B'amhlaidh a phléasc buama i ngluaisteán ansin lámh le hospidéal míleata.Scriosadh roinnt mhaith ionaid chónaithe freisin san ionsaí.Ar an idirlíon a rinne ISIS an ráiteas ag glacadh freagracht as an ionsaí.Ghlac sé freagracht as ionsaithe buamála eile a tharla i Sanaa an mhí seo.Tá neart trodaíochta feicthe san Éimín le tamall anuas idir mílisteoirí a ndeirtear go bhfuil tacaíocht na hIaráine acu agus fórsaí an Rialtais.Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil géarchéim dhaonnachta ag bagairt san Éimín, áit a bhfuil breis is 21 milliún duine fágtha ar an ngannchuid de bharr na cogaíochta atá imithe in olcas ó mhí na Márta.

  19. #271400

    Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan go bhfuil imní mhór ann faoi insíothlú de chuid baill den Ghrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu féin sa tír seo.  Deir an tAire Flanagan go bhfuil sé i ndluth-theagmháil leis an Aire Dlí agus Cirt France Fitzgerald faoin ábhar.  Dúirt an tAire go mba mhaith leis níos mó comhoibrithe a fheiceáil i measc thíortha an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí slándála, bailiú faisnéise agus obair fhrithsceimhlitheoireachta.  Bhí an tAire ag labhairt ag cruinniú de chuid Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh.  Tá Príomh-aire na Túinséise Habbib Essid ag freastal ar an gcruinniú i bhfianaise an ionsaithe a tharla sa Túinéis an mhí seo caite, inar maraíodh 38 turasóir, triúr as Éireann ina measc.

  20. #365800

    Creideann an Rúis go bhfuil an Tuirc ag iarraidh an stát Ioslamach a chosaint, agus tá rialtas na Tuirce ag bagairt tréimhse saoil sa phríosún ar iriseoir Turcach a léirigh fianaise go raibh an Tuirc ag soláthar armlóin don Stát Ioslamach ‘An Rúis gach am muir mheánach teastaíonn’.

  21. #398796

    Sáthadh agus maraíodh an fear taobh amuigh dá theach sa chathair.  Thóg an fear a rinne an t-ionsaí bean chéile an fhir agus a mhac óg 3 bliain d'aois ina ngialla.  Thug poilíní ruathar faoin teach agus lámhacadh agus maraíodh an t-ionsaitheoir.  Fuarthas bean chéile an phoilín marbh sa teach.  Tarrtháladh an leanbh óg.  Tuairiscítear gur mhaígh an fear a rinne an t-ionsaí go raibh baint aige leis an Stát Ioslamach.  Dúirt Uachtarán na Fraince, Francois Hollande gur gníomh sceimhlitheoireachta a bhí san ionsaí.  Dúirt sé go raibh baol suntasach sceimhlitheoireachta ann anois don Fhrainc.

  22. #503778

    Anuas air sin, féach an t-alt seo a mhíníonn na cúiseanna, a luaigh ISIS féin, a ndearna siad an bhuamáil uafásach sa Bhruiséil: http://www.independent.co.uk/news/world/europe/isis-claims-responsibility-for-brussels-attacks-explosions-bombings-at-airport-and-maalbeek-maelbeek-a6946136.html Ionsaithe na Beilge ar an Stát Ioslamach atá luaite acu, agus is léir uathu fosta nach mbreathnaíonn siad ar ghnáthdhaoine mar shibhialtaigh.