Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

131 toradh in 112 doiciméad

  1. #1688583

    De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.

  2. #1688622

    De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.

  3. #1691954

    Thosaigh an fiosrú i 1999, agus faoin am a tháinig deireadh leis anuraidh, bhí 22 comhad réitithe le seoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

  4. #1789423

    D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i mí Iúil go raibh sé chun cás cúirte a thabhairt i gcoinne Hicks leis an airgead a shaothraigh sé ar an leabhar a choigistiú.

  5. #1807877

    Cuirfear comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi ógánach atá cúisithe i ndúnmharú an mhic léinn Cameron Blair, 20 bliain d'aois, i gcathair Chorcaí an mhí seo caite.

  6. #263191

    Tá sé ag éileamh damáistí cúitimh ar an Stát mar gheall, a deir sé, gur gabhadh go héagórach é faoi dhúnmharú Sophie du Plantier in iarthar Chorcaí i 1996.  Líomhnaíonn Ian Bailey, 57 bliain d'aois, go ndeachaigh Gardaí i mbun comhcheilge chun fianaise ina choinne a chumadh trí mhodhanna mídhleathacha.  Dúirt a abhchóide Tom Creed cé gur dhiúltaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Ian Bailey a chúisiú de cheal fianaise, go ndearna na Gardaí iarracht cur ina luí air dul siar ar a chinneadh.

  7. #264395

    D'fhoilsigh an Rialtas coinníollacha an Choimisiúin Fiosrúcháin faoi líomhaintí míchleachtais na nGardaí i gCoill an Chollaigh idir 2007 agus 2010 inniu.  Cuirfidh an fiosrúchán treoir ó thuairisc Guerin a foilsíodh mí Bealtaine san áireamh. Mhol an tuairisc gur cóir na líomhaintí a rinne an Sáirisint Maurice McCabe a fhiosrú tuilleadh.  Dúirt an t-Iar Aire Dlí Alan Shatter go raibh na líomhaintí fiosruithe cheana féin ag na Gardaí, ag Oifig Ombudsman na nGardaí agus ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

  8. #264926

    an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) chun achomharc a lorg ar an bpionós a gearradh ar Shaun Kelly, an fear as Dún na nGall a ciontaíodh i dtiomáint chontúirteach a ba chúis le bás ochtar.

  9. #267658

    Tuigtear go bhfuil an fiosrúchán faoi bhás buachaillín trí bliana d'aois in Áras Uí Eidhin i nGaillimh anuraidh le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gceann roinnt seachtainí.  Maraíodh Solomon Soremekun nuair a sáinníodh é faoi ardaitheoir san fhoirgneamh ar 13 Eanáir 2014.

  10. #267659

    Cuireadh tús le fiosrúchán sláinte agus sábháilteachta ina dhiaidh sin, agus ordaíodh nach mbainfí feidhm as an ardaitheoir feasta.  Meastar go bhfuil an fiosrúchán beagnach réidh anois agus le cur ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

  11. #267674

    Tá comhad le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i dtaca leis an gcás.  Bhásaigh an cailín san ospidéal tar éis do charr í a leagan tráthnóna Dé Luain seo caite. Níor stop an carr tar éis na heachtra a tharla ar an mBóthar Thuaidh i bPáirc an Fhionnuisce.  Deir na Gardaí go bhfuil an cás fós á fhiosrú acu.

  12. #267798

    Níl aon chúis curtha i leith na mná agus tá comhad le cur ag na Gardaí chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.  Fuarthas an fear 36 bliain agus é gortaithe go dona i dteach i mBaile Phib i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ag thart ar 10.30 oíche Dé Sathairn.

  13. #271819

    Tá a míshástacht léirithe ag baill an Fhiosrúcháin Baincéireachta faoi theagmháil a rinne an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) leo le rabhadh a thabhairt faoi bhaol a bheadh i bhfoilsiú na fianaise ó David Drumm do chás coiliúil amach anseo.

  14. #273064

    Scaoileadh saor é tráthnóna agus tá comhad faoin gcás le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.  Líomhnaítear gur tharla an t-ionsaí i dteach tábhairne mhuintir Conlon i mBéal Átha Beithe ag thart ar 8 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh 23 Lúnasa.  Deir na Gardaí gur bhain mionghortuithe d'fhear sna fichidí de bharr na heachtra agus nár ghá é a thabhairt chun an ospidéil.

  15. #274382

    Tá comhad faoi chás an fhir le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.  Dhearbhaigh na Gardaí gur chuir siad tús leis an bhfiosrúchán ag deireadh na míosa seo caite. Ar 30 Lúnasa, tógadh ar shiúl cúigear fear ó ionad gnó ar Bhóthar an Phiarsaigh i Leitir Ceanainn go láthair taobh amuigh den chontae ar mhaithe lena sábháilteacht féin.

  16. #275420

    Líomhnaítear gur lig na fórsaí slándála do dhúnmharaithe tarlú le Stakeknife a chosaint. Shéan Freddie Scappatici riamh gurb eisean Stakeknife.  Dúirt an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart Barra McGrory go bhfuil iarrtha aige ar Ard-Chonstábla na bpóiliní fiosrúchán a bhunú maidir le gníomhaíochtaí Stakeknife agus ról na bhfórsaí slándála sa 24 dúnmharú.

  17. #276501

    I gcúirt sna Stáit Aontaithe, dúirt iar-phríomhfheidhmeannach bhanc Anglo Irish David Drumm go bhfanfaidh sé i mbraighdeanas sa bhaile agus go bhfuil sé sásta a theach, agus tithe triúr cairde leis, a thabhairt ar láimh má scaoiltear amach ar bannaí é.  Táthar ag iarraidh David Drumm a eiseachadadh ó na Stáit Aontaithe go hÉirinn.  Tá treoir tugtha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa tír seo David Drumm a thabhairt os comhair cúirte ar os cionn 30 cúis.

  18. #279833

    D'fhiosraigh an Breitheamh Matthew Deery cásanna a bhain le Gardaí ar cuireadh a gcuid pointí pionóis ar ceal agus iad ag tiomáint a gcarranna pearsanta. Tugann sé le fios ina thuarascáil gur seoladh na cásanna seo chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

  19. #282149

    Tá 33 cúis curtha ina leith.  Cé gur chuir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in aghaidh iarratas David Drumm ar bhannaí, rialaigh an Breitheamh Michael Walsh go saorfaí é faoi dhianchoinníollacha.

  20. #752319

    Tá sé i gceist ag rialtóir na gcuntasóirí teagmháil a dhéanamh leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí féachaint ar cheart an dlí a chur ar an gcomhlacht cuntasaíochta EY nó Ernst & Young mar a bhíodh air.  Baineann an scéal leis an méid a dúradh ag triail triúr iarbhaincéirí ar tháinig deireadh leis an tseachtain seo caite.

  21. #752320

    Bhí iarrtha ag Bord Rialtóireachta na gCuntasóirí Cairte ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan aon chás dlí a thiomsú faoin idirbheartaíocht airgeadais a rinneadh idir banc Ango Irish agus Irish Life & Permanent fad is a bhí an cás os comhair na gcúirteanna.

  22. #1169783

    Tá fear sna seascaidí a gabhadh faoi fhear a mharú i nGaillimh go moch ar maidin inné scaoilte saor ag Gardaí.  Sáthadh Christopher McGrath, 39 bliain d'aois, i dteach ar Bhóthar an Chairdinéil Cúisín ar an mBaile Bán sa chathair.  Tá comhad le cur faoin gcás chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

  23. #1298199

    Rinne an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc ar rialú na hArdchúirte agus rialaigh an chúirt achomhairc nach gcuirfeadh na doiciméid i nGaeilge le substaint na fianaise. Rinne an tUasal Avadanaei as an Rómáin achomharc chuig an Chúirt Uachtarach.  Dhiúltaigh an breitheamh Paul Kelly na cásanna a bhí os a chomhair a chaitheamh amach ar maidin de bhrí go bhfuil an breithiúnas sa Chúirt Uachtarach le theacht go fóill.

  24. #1307458

    Tá báid ó thíortha eile fós ag iasacaireacht sa limistéar.  Dúirt an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara le Nuacht RTÉ go raibh iniúchadh déanta acu ar leabhair roinnt bád as an tír seo a bhí ag iascaach cloicheán sa limistéar agus go bhfacthas dóibh go raibh rialacha sáraithe ag cuid acu.  Dúirt an tÚdarás go raibh dhá chás maidir le sarú rialacha tugtha os comhair cúirte cheana féin agus go raibh comhaid seolta chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcás trí bhád eile.

  25. #1374568

    Cúisíodh an buachaill sa dúnmharú ar 25 Bealtaine agus cuireadh siar faoi choinneáil é an lá céanna.   Ag éisteacht i gCúirt na Leanaí inniu, dúradh go bhfuil an t-iarratas ar bhannaí le cur faoi bhráid na hArd-Chúirte arú amárach agus go ndéanfar méasúnú síciatrach ar an mbuachaill roimhe sin.  Dúradh sa chúirt freisin go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag na Gardaí sa chás agus go bhfuil an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le comhad a fháil an tseachtain seo chugainn uathu maidir lena bhfiosrúcháin.

  26. #1528047

    Dúirt an t-abhcóide thar ceann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhféadfaí treoir a thabhairt don ngiúiré neamhaird a thabhairt d’aon tráchtaireacht nó ailt faoin ábhar agus a machnamh á dhéanamh acu ar an gcás.

  27. #1563108

    Gearradh téarma priosúin 6 bliana ar Michael Ferris as an mBaile Dubh i gContae Chiarraí as dúnorgan Anthony O'Mahony.  Maíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil an phianbhreith a gearradh ar Ferris ro-bhog.